St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

Belvedere House

About Us

Beannú ón Uachtarán

Leagan Gaeilge -  Irish   Spanish Version   French Version    German Version   Czech Version

 

TraversBa mhaith liom fáilte a chur romhat chuig suíomh idirlín Choláiste Phádraig. Is súil isteach é ar an gColáiste féin agus ar an obair a bhíonn ar bun againn anseo.

Cuireann an t-oideachas le sochar an duine aonair agus le tairbhe an phobail i gcoitinne. Tá Coláiste Phádraig tar éis a bheith ag croí-lár an oideachais agus oiliúint na múinteoirí sa tír seo ó bunaíodh sa bhliain 1875 é. Is i lár an mhargaidh áirithe sin is mian linn a bheith lonnaithe feasta.

Tá sé mar aidhm ag an gColáiste, trí mheán na gcúrsaí atá á dtairiscint ann, céimithe a sholáthar a bheidh sciliúil, eolach, dea-oilte, solúbtha agus thar aon rud eile, cruthaitheach. Is í oiliúint múinteoirí sainghníomhaíocht an Choláiste. Fágann sé sin gur gá scileanna teagaisc agus forbairt phearsanta an mhúinteora a chothú.

Tá an tabhacht a leagtar sa Choláiste ar fhorbairt phearsanta an mhúinteora tar éis traidisiún oideachais a chruthú atá bunaithe go láidir ar an léann daonna. Is saibhre i bhfad an obair atá ar siúl againn in oiliúint na múinteoirí dá bharr sin, agus ón mbliain 1993 i leith tá cúrsaí nua ar bun sa léann daonna ag an leibhéal fochéime agus iarchéime a bhfuil ag éirí thar cionn leo.

Agus an cuireadh seo á thabhairt agam duit cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín seo, tá mé cinnte go dtiocfaidh tú ar go leor eolais atá úsáideach agus suimiúil.

Pauric Travers
Uachtarán

Chun teagmháil a dhéanamh le hOifig an Uachtaráin: presidents.office@spd.dcu.ie

Cliceáil ar President's Office chun teacht ar a thuilleadh eolais.

 

Last Updated: Thursday September 21 2006

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright