St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

The cloisters at St. Patrick's College

Academic Departments

CÉIMNIÚ 2009

Bronnadh na gCéimeanna 2009

Bronnadh gradaim acadúla na bliana 2009 ar mhic léinn an Choláiste Dé hAoine 13 agus Dé Sathairn 14 Samhain 2009. Os cionn 800 mac léinn san iomlán a chéimnigh ar an dá lá agus bhí mic léinn Roinn na Gaeilge agus a muintir go mór i gceist, ar ndóigh. Déanaimid comhghairdeas ó chroí lenár gcuid mac léinn go léir as a gcuid éachtaí pearsanta féin.

Laura Nic Philib BOid.

Laura Nic Philib BOid. Onór (thuas) tar éis Searmanas Bhronnadh na gCéimeanna i gColáiste Phádraig Dé hAoine 13 Samhain. Bhuaigh Laura Bonn Mháirtín Uí Chadhain tar éis di na marcanna is airde a ghnóthú sa Ghaeilge i Scrúdú na Céime (2009).

 

Mic léinn MA na Gaeilge

An Dr Máirín Nic Eoin (Ceann Roinn na Gaeilge) agus an Dr Ciarán Mac Murchaidh i gcuideachta mhic léinn MA na Gaeilge i gcearnóg an Choláiste tar éis Searmanas Bhronnadh na gCéimeanna Dé Sathairn 14 Samhain.

 

Bronnadh na gCéimeanna 2007

Bronnadh céimeanna agus dioplómaí de chuid na hOllscoile anseo sa Choláiste Dé hAoine 9 agus Dé Sathairn 10 Samhain ar 874 mac léinn a bhíodh cláraithe ar 17 gclár éagsúla fochéime agus iarchéime. Tá roinnt grianghraf a tógadh de mhic léinn na Gaeilge ar fáil thíos.


Tomás Mac Giolla Phádraig, Dáithí Mac Éinrí agus an Dr Máirín Nic Eoin

Tomás Mac Giolla Phádraig (Oifigeach Forbartha), Dáithí Mac Éinrí (BOid. Onór) agus An Dr Máirín Nic Eoin (Ceann Roinn na Gaeilge) tar éis Searmanas Bhronnadh na gCéimeanna i gColáiste Phádraig Dé hAoine 9 Samhain. Bhuaigh Dáithí Bonn Mháirtín Uí Chadhain freisin tar éis dó na marcanna is airde a ghnóthú sa Ghaeilge i Scrúdú na Céime (2007).

An Dr Ciarán Mac Murchaidh, Dáithí Mac Éinrí & An Dr Máirín Nic Eoin

An Dr Ciarán Mac Murchaidh, Dáithí Mac Éinrí (BOid Onór.) agus an Dr Máirín Nic Eoin tar eis an tsearmanais. Bronnadh Bonn Mháirtín Uí Chadhain ar Dháithí de bharr gurb é a ghnóthaigh na marcanna is airde sa Ghaeilge i Scrúdú na Ceime 2007.

Máire Ní Uiginn (Rúnaí na Roinne) & Dáithí Mac Éinrí

Máire Ní Uiginn (Riarthóir Roinn na Gaeilge) agus Dáithí Mac Éinrí.

An Dr Máirín Nic Eoin agus Mic Léinn MA sa Ghaeilge

Caitríona Ní Mhurchú, Póilín Ní Chathail, Michelle Ní Chearbhaill agus Eibhlín Nic Eachaidh, tar éis gur bronnadh an chéim MA (Teagaisc) orthu ag searmanas in Amharclann an Choláiste maidin Shathairn, 10 Samhain. Tá an Dr Máirín Nic Eoin (Ceann Roinn na Gaeilge) sa ghrianghraf freisin.

An Dr Ciarán Mac Murchaidh, Oisín Uíbh Eachach & An Dr Máirín Nic Eoin

Oisín Uíbh Eachach in éineacht le Ciarán Mac Murchaidh agus Máirín Nic Eoin. Bronnadh an chéad MA (Taighde) a rinneadh faoi stiúir Roinn na Gaeilge ó bunaíodh an cúrsa 10 mbliana ó shin ar Oisín ag searmanas mhaidin Dé Sathairn.

An Dr Máirín Nic Eoin, cuid de na mic léinn MA agus Breandán Ó Conaire

Máirín Nic Eoin agus Breandán Ó Conaire (Iar-Cheann Roinne agus Iar-Chomhordaitheoir Chlár an MA) i dteannta cuid de na mic léinn MA tar éis an tsearmanais Dé Sathairn.

Máirín Nic Eoin, Breandán Ó Conaire & Gearóidín Uí Laighléis & cuid de na mic léinn MA.

Máirín Nic Eoin, Breandán Ó Conaire, Gearóidín Uí Laighléis agus cuid de na mic léinn MA i ndiaidh an tsearmanais Dé Sathairn.

 

Last Updated: Friday March 19 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright