SCRÚDUITHE CAINTE 2011
Scrúduithe Cainte Bhliain 1 (BOid. agus BA):
Beidh Scrúduithe Cainte na Chéad Bhliana ar fad ar siúl Dé Sathairn 7 Bealtaine 2011 ag tosú ar 0900h. Beidh liostaí ainmneacha, seomraí agus amanna ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge faoi cheann cúpla seachtain. Tá sé tábhachtach go bhféachfaidh mic léinn ar na Cláracha Fógraí go rialta chun teacht ar an eolas seo. Mairfidh gach Scrúdú Cainte timpeall 10 nóiméad agus beidh scrúdaitheoir amháin i mbun an scrúdaithe le gach mac léinn.
1BA: 200 marc (i.e. 20%)
1BOid. (Acadúil): 200 marc (i.e. 20%)
1BOid. (Gairmiúil): 300 marc (i.e. 30%)
NB: Is fiú 100 marc (i.e. 10%) de na marcanna an Fillteán Foghlama. Cuirfear ceist nó dhó ar mhic léinn faoin bhFillteán Foghlama mar chuid den Scrúdú Cainte i mbliana.
Scrúduithe Cainte Bhliain 2 (BOid. agus BA):
Beidh Scrúduithe Cainte an Dara Bliain ar fad ar siúl Dé Sathairn 14 Bealtaine 2011 ag tosú ar 0900h. Beidh liostaí ainmneacha, seomraí agus amanna ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge faoi cheann cúpla seachtain. Tá sé tábhachtach go bhféachfaidh mic léinn ar na Cláracha Fógraí go rialta chun teacht ar an eolas seo. Mairfidh gach Scrúdú Cainte timpeall 10 nóiméad agus beidh scrúdaitheoir amháin i mbun an scrúdaithe le gach mac léinn.
2BA: 200 marc (i.e. 20%)
2BOid. (Acadúil): 200 marc (i.e. 20%)
2BOid. (Gairmiúil): 200 marc (i.e. 20%)
Scrúduithe Cainte Bhliain 3 (BOid. Acadúil agus BA):
Beidh Scrúduithe Cainte an Tríú Bliain BOid. Acadúil agus an Tríú Bliain BA ar siúl Dé hAoine 13 Bealtaine 2011. Beidh liostaí ainmneacha, seomraí agus amanna ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge faoi cheann cúpla seachtain. CAITHFIDH mic léinn bheith ag faire ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge chun an t-eolas seo a aimsiú. Mairfidh gach Scrúdú Cainte timpeall 10 nóiméad agus beidh beirt scrúdaitheoirí i mbun an scrúdaithe le gach mac léinn.
3BA: 200 marc (i.e. 20%)
3BOid. (Acadúil): 200 marc (i.e. 20%)
Scrúduithe Cainte Bhliain 3 (BOid. Gairmiúil):
Beidh Scrúduithe Cainte an Tríú Bliain BOid. Gairmiúil ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt 16 agus 17 Bealtaine 2011. Beidh na liostaí ainmneacha, seomraí agus amanna ar fáil nuair atá na socruithe uilig déanta ag Riarthóir na Roinne. CAITHFIDH mic léinn bheith ag faire ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge chun an t-eolas seo a aimsiú. Mairfidh gach Scrúdú Cainte timpeall 10 nóiméad agus beidh beirt scrúdaitheoirí i mbun an scrúdaithe le gach mac léinn.
3BOid. (Gairmiúil): 200 marc (i.e. 20%)
Scrúduithe Cainte na gCéimithe (PG1 agus PG2):
Beidh Scrúduithe Cainte Chéimithe 1 (PG1) agus Chéimithe 2 (PG2) ar siúl Dé hAoine 6 Bealtaine 2011, lucht PG2 ar maidin, agus lucht PG1 tráthnóna.
Beidh na liostaí ainmneacha, seomraí agus amanna ar fáil nuair atá na socruithe uilig déanta ag Riarthóir na Roinne. CAITHFIDH mic léinn bheith ag faire ar Chlár Fógraí Roinn na Gaeilge chun teacht ar an eolas seo. Mairfidh gach Scrúdú Cainte timpeall 10 nóiméad agus beidh beirt scrúdaitheoirí i mbun an scrúdaithe le gach mac léinn.
PG1: 100 marc (i.e. 10%)
PG2: 200 marc (i.e. 20%)
Last Updated: Wednesday April 13 2011
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

