Studia Hibernica
Foilsíodh an chéad eagrán de Studia Hibernica sa bhliain 1961. Bhí léachtóirí ó Roinn na Gaeilge i measc chéad bhunaitheoirí na hirise agus tá ballraíocht leanúnach ag baill na Roinne ar an gcoiste eagarthóireachta ó shin i leith.
Iris bhliantúil is ea Studia Hibernica ina ndéantar staidéar ar an nGaeilge agus ar litríocht na Gaeilge, ar stair, ar sheandálaíocht, ar bhéaloideas agus ar logainmneacha na hÉireann mar aon le hábhar atá gaolmhar leo sin go léir. Is é aidhm atá ag an iris toradh an taighde is déanaí i ngach ceann de na réimsí léinn sin a chur ar fáil go háisiúil do scoláirí sna réimsí eile. Bíonn roinnt aistí i ngach uimhir a gcuirfeadh an pobal i gcoitinne suim iontu, mar atá aistí ginearálta ar thréimhsí staire nó ar ghnéithe den litríocht. Déantar cúram ar leith de na léirmheasanna mar is iontu sin go háirithe a chuirfear aidhm na hirise i gcrích.
Foilsíodh an t-eagrán is déanaí den iris (Uimh. 33) le linn na bliana 2005 agus tá aistí ann ar Palladius, James Ussher, An Bhreatain mar a tuigeadh in Éirinn/Albain an 18ú hAois í, mar aon le léirmheasanna ar reimse leathan leabhar a foilsíodh le tamall roimh fhoilsiú na hirise.
Baill Reatha an Choiste Eagarthóireachta:
Cathaoirleach:
Dr Pauric Travers, Uachtarán an Choláiste
Eagarthóirí:
Dr James Kelly, Ceann Roinn na Staire
An Dr Uáitéar Mac Gearailt, Roinn na Gaeilge
Baill an Choiste:
Dr Diarmaid Ferriter, Roinn na Staire
Dr Marian Lyons, Roinn na Staire
Dr Ruth McManus, Roinn na Tíreolaíochta
An Dr Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge
Dr Matthew Stout, Roinn na Staire
Comhfhreagras:
Ba chóir comhfhreagras a sheoladh chuig:
An Rúnaí,
Studia Hibernica,
Coláiste Phádraig,
Droim Conrach,
Baile Atha Cliath 9.
Last Updated: Friday February 15 2008
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

