FOILSEACHÁIN BHAILL NA ROINNE

Foilsíodh Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (Cois Life, 2010), bailiúchán aistí critice ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge atá curtha in eagar ag an Dr Rióna Ní Fhrighil, le gairid. Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla, ina measc Máire Mhac an tSaoi, Michael Hartnett, Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Gréagóir Ó Dúill agus Biddy Jenkinson. Rianaítear na príomhléamha critice a rinneadh ar an bhfilíocht seo go dtí seo agus foilsítear liosta de na príomhfhoinsí critice ag deireadh gach aiste. Tá an leabhar dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal. I measc na n-údar a bhfuil aistí leo sa chnuasach tá an Dr Ní Fhrighil, agus an Dr Róisín Ní Ghairbhí, an Dr Ciarán Mac Murchaidh agus an Dr Máirín Nic Eoin, ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig.

John Millington Synge’s The Aran Islands has long been considered a definitive depiction of the Aran Islands, off the Connemara coast. Less well known is that a young university student named Agnes O’Farrelly (Úna Ní Fhaircheallaigh) also travelled to the islands in the summer of 1898, lodged in the same fisherman’s cottage Synge had just vacated, and proceeded to write an Irish-language travelogue Smaointe ar Árainn about her experiences on the island. O’Farrelly’s travelogue has now been republished with an English-language translation and critical introduction by Dr Ríona Nic Congáil, of the Department of Irish at St Patrick’s College, Drumcondra, as Smaointe ar Árainn/ Thoughts on Aran (Arlen House, 2010) This publication is a social and cultural document which focuses primarily on Aran women and reveals the modus operandi of the Gaelic League as it simultaneously attempted to protect and to modernise the Gaelic culture of the Aran Islands at the turn of the twentieth century.

Odaisé Ghael-Mheiriceánach: úrscéal le Ciarán Ó Coigligh. Coiscéim a d’fhoilsigh. Is de dhlúth is d’inneach an úrscéil seo an teanga, an creideamh, an oidhreacht chultúrtha, mianta an duine agus an caidreamh daonna. Is iad Inis Meáin agus Nua-Eabhrac na príomháiteanna a dtarlaíonn eachtraí an úrscéil. Tá mioneolas agus gean ag an údar ar an dá áit, dá éagsúla lena chéile iad. Is cás leis an gCoiglíoch dáimh an duine lena dhúchas agus anáil an dúchais chéanna ar mhianta agus ar iompar an duine. Tráchtann an t-údar ar choraí crua an tsaoil a bhaineas d’ógbhean as Inis Meáin, Sibéilín Threasa, a gcaitear go dona léi agus a gcuirtear i gcontúirt a báite í. Is díol suntais an chaoi thimpeallach a sroicheann Sibéilín Nua-Eabhrac. Faigheann an léitheoir léargas gléineach ar shaol Shibéilín i Harlem agus í ina bean ghlantacháin ar dtús agus ina bean ghnó ar ball chomh maith le léargas ar ar tharla di féin agus dá sliocht ileitneach ar dual dóibh a n-oidhreacht Ghaelach a athghabháil ar bhealach suntasach.
"Eipic mhór í seo. Leabhar uaillmhianach a léifear le fonn." Gréagóir Ó Dúill.
"Inniúchadh géarchúiseach ar stair agus ar thubaiste na himirce a chuirtear ar fáil san úrscéal cumasach seo. Tá scoth na scríbhneoireachta sa saothar seo agus ba charghas liom scarúint leis ag deireadh an scéil de bharr chuannacht na n-abairtí agus ardstílíocht an tsaothair." Dónall Ó Braonáin.

Fógraíodh gearrliosta Chomórtais Litríochta an Oireachtais do Ghradam Uí Shúilleabháin - Leabhar na Bliana 2007 ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Máirt 18 Meán Fómhair. I measc na leabhar a cuireadh ar an ngearrliosta is ea Aiséirí | Requiem le Ciarán Ó Coigligh (Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig), cnuasach de 24 dhán a chomhlánaíos grianghraif de 24 phíosa ealaíne teibí le hEoin Mac Lochlainn. Fógrófar an buaiteoir ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo ar an 2ú Samhain.
The shortlist for the 2007 Oireachtas na Gaeilge Book of the Year Competition - Gradam Uí Shúilleabháin was announced at a ceremony in Dublin Castle, on Tuesday 18 September. Among the books shortlisted is Aiséirí | Requiem, which comprises a suite of 24 poems by Ciarán Ó Coigligh (Roinn na Gaeilge, St Patrick’s College) complementing photographic reproductions of 24 abstract paintings by artist Eoin Mac Lochlainn. The winner will be announced at the Oireachtas na Gaeilge festival in Westport, Co Mayo on the 2nd of November.
Last Updated: Friday March 19 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

