St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

The cloisters at St. Patrick's College

Academic Departments

Fáilte Romhat!


Cuid de bhaill Roinn na Gaeilge

Cuid de bhaill Roinn na Gaeilge tar éis cruinnithe le gairid. (ó chlé: Deirdre Nic Mhathúna, Éanna Mac Cába, Máirín Nic Eoin, Ciarán Mac Murchaidh, Pádraig Ó Liatháin, Rióna Ní Fhrighil, Uáitéar Mac Gearailt & Máire Ní Uiginn. As láthair ón ngrianghraf: Ríona Nic Congáil, Ciarán Ó Coigligh & Gearóidín Uí Laighléis)

Eolas faoi Roinn na Gaeilge

Baineann Roinn na Gaeilge sa Choláiste le Dámh an Léinn Dhaonna. Tá seacht roinn eile sa Dámh: Béarla, Stair, Tíreolaíocht, Matamaitic, Fraincis, Ceol agus Forbairt an Duine. Is coláiste de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é Coláiste Phádraig. Bíonn Roinn na Gaeilge rannpháirteach i gcuid mhór de na cláir léinn a mhúintear sa Choláiste, idir chúrsaí fochéime, chúrsaí iarchéime agus chúrsaí inseirbhíse.

Tá saineolas sa Roinn ar réimsí fairsinge de léann na Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá páirt ghníomhach glactha ag baill na Roinne sa saol poiblí, go háirithe i saol an oideachais, na healaíne, na litríochta, an chraolacháin agus an spóirt. Tá breis agus leathchéad leabhar scríofa nó curtha in eagar ag baill na Roinne ar ábhair chomh héagsúil le Myles na gCopaleen, Raiftearaí, Logainmneacha, Eoghan Ó Tuairisc, An Béaloideas agus An tÚrscéal, An Gearrscéal agus an Nuafhilíocht, chomh maith le haistí iomadúla sna hirisleabhair léannta agus saothar cruthaitheach litríochta.

Tugann baill áirithe Roinne cúrsaí laistigh de Dhámh an Oideachais, agus soláthraítear cúrsaí faoi leith ar theanga agus ar shaoithiúlacht na Gaeilge do mhic léinn Erasmus. Chomh maith leis sin, glacann baill na Roinne páirt ghníomhach sa Chleachtadh Múinteoireachta i gcaitheamh na bliana, sna hagallaimh iontrála do mhic léinn lánfhásta agus dioplóma, agus cabhraíonn siad, más gá, le cúrsaí a eagraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Cóiríonn agus socraíonn siad na Cúrsaí Gaeltachta do mhic léinn an B.Oid., don BA agus do na Céimithe.

 

 

Last Updated: Thursday September 23 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright