Nuacht agus Imeachtaí Reatha
Máire Ní Choilm ar TG4
Bhí Máire Ní Choilm mar láithreoir ar chlár faisnéise ceoil an tseachtain seo caite ar TG4, clár dar teideal "Cérbh Í Annie Eoghain Éamoinn?"
Bhí an clár faoi Áine Uí Laoi, (Áine Ní Ghallchóir a bhí uirthi sular pósadh í), amhránaí sean-nóis, múinteoir, scéalaí agus bhí sí dílis don Ghaeilge agus don chultúr. Bhuaigh sí an Bonn Óir ag an Oireachtas i 1959 agus Corn Chomhlacht an Oideachais i 1960. Bhíodh sí mar mholtóir ag an Oireachtas chomh maith agus bronnadh gradam saoil uirthi ag Sean-nós Cois Life i 1994. Cailleadh í níos moille sa bhliain chéanna.
Tá teacht ar an gclár fós ar shuíomh TG4.
Bronnadh na gCéimeanna
Bonn Uí Chadhain, á bhronnadh ar Eleanor Vipond BA i mbliana, agus ár gcomhghairdeas léi.
Comhghairdeas freisin le hÁine Ní Chonraoi, a bhuaigh Bonn Vere Foster, bonn de chuid Ghairmchumann na Múinteoirí. Bhuaigh Áine an scoláireacht MA freisin de chuid an Choláiste, agus tá sí i mbun MA i Roinn na Gaeilge faoi láthair.

BUAITEOIRÍ CHOMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN DON TRÍÚ LEIBHÉIL AG CEILIÚRADH !
Bhain foireann díospóireachta ó Choláiste Phádraig an dara háit amach i gComórtas Díospóireachta Gael Linn ar na mallaibh. Eagraíodh réamhbhabhta cáilithe i mBaile Átha Cliath roimh ré, agus bhí an craobhchomórtas ar siúl san Óstán Brehon, Cill Áirne ar an Satharn, 5 Samhain 2011, le linn Oireachtas na Gaeilge, ar a raibh na céadta macléinn ag freastal ó choláistí tríú leibhéil ar fud na tíre. Ceithre fhoireann ar fad a bhí páirteach ann - Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC ( Paula Melvin, Síomha Ní Mhuirí ); Coláiste na Tríonóide, BÁC ( Pádraig Schaler, Níamh Ní Chróinín ); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ( Fodhla Ní Chonchúir, Ciara Wallace ) agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ( Eoin Ó Murchú, Aindriú Ó Faoláin)
Phléigh na foirne an rún tráthúil ‘Réiteodh réabhlóid fadhbanna na tíre seo!’ agus labhair gach cainteoir ar feadh seacht nóiméad. Bhí cead ag baill an fhreasúra pointí eolais a thabhairt do na cainteoirí agus iad i mbun óráide, agus bhí díospóireacht bhreá bhríomhar ann mar thoradh ! D’éirigh leis na cainteoirí uile suim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta a mhúscailt ! Is é Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, a bhí mar chathaoirleach agus a stiúraigh an ócáid go paiteanta.Ag cur léann na Gaeilge chun cinn i lár na hEorpa
Bhí Rhona Ní Chearbhaill agus Daithí Mac Fhlaithimh, beirt mhac léinn phd ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, i láthair ag comhdháil iarchéime idirnáisiúnta ar Léann na hÉireann in Ollscoil Sheárlais, Prág, Poblacht na Seice, idir an 16 agus an 17 Meán Fomhair. Thugadar beirt cainteanna uathu bunaithe ar a gcuid taighde phd anseo sa Choláiste faoi stiúir an Ollamh Máirín Nic Eoin. Ba é seo an chéad phainéal Gaeilge riamh san ollscoil, agus bhí Seiceach, Hynek Janousek, mar an tríú cainteoir.
Bhí an Dr. Pádraig Ó Liatháin i láthair ag an bpaineál, agus is ball seachtrach é fós ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Sheárlais. I láthair ag an gcomhdháil freisin bhí Radvan Markus, fear a bhfuil L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc (iarmhac léinn de chuid an Choláiste seo) aistrithe go Seicis aige, agus Daniela Furthnerová, scoláire a d’aistrigh Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire ó Ghaeilge go Seicis freisin.
Máistir-rang do mhic léinn dochtúireachta
Ar an 21 Márta, thug an tOllamh Ríonach uí Ógáin, ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (ar clé), agus an Dr Lillis Ó Laoire, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (ar dheis), máistir-rang do mhic léinn dochtúireachta atá ag gabháil do thaighde ar amhráin thraidisiúnta na Gaeilge. Pléadh foinsí agus modheolaíochtaí taighde agus bhí deis ag na rannpháirtithe a gceisteanna taighde féin a chur i láthair agus a chíoradh leis an mbeirt cheannródaithe seo i léann na n-amhrán.
Páistí ó chór Scoil Naomh Máirtín i gColáiste Phádraig
Tháinig 50 páiste ar cuairt go Coláiste Phádraig Dé Máirt, an 2 Márta ag léacht de chuid Mháire Ní Choilm ar amhráin na Gaeilge. Páistí iad seo ó chór Scoil Naomh Máirtín in Aylesbury i dTamhlacht agus bhí siad faoi stiúir Bhriain Uí Dhomhnaill, Valerie Neale agus Barra de Róiste. Chan siad rollóga, suantraí agus amhráin bheaga shimplí i nGaeilge do lucht na Gaeilge Gairmiúla sa chéad bhliain agus chuir siad taispeántas den chéad scoth inár láthair. Beidh seo mar thaithí iontach ag na mic léinn agus iad féin ag ullmhú don chleachtadh múinteoireachta. Rinne Paul Murphy an taispeántas a thaifeadadh mar ábhar físe agus fuaime agus beidh sé seo mar acmhainn luachmhar ag na mic léinn.
Albam ar an sean-nós seolta i gColáiste Phádraig
Bhí oíche den scoth sa Seomra Caidrimh ar an gCéadaoin, an 16 Feabhra, nuair a seoladh albam Mháire Ní Choilm, 'Nuair a théid sé fán chroí', albam atá eisithe ag Cló-Iar Chonnacht. Bhí amhránaithe agus ceoltóirí i láthair agus bhain an slua mór a bhí ann taitneamh as amhráin Mháire go háirithe, amhráin atá aici ó Ghaoth Dobhair agus Oileán Thoraigh. Fairis sin, chan ceann na Roinne, Máirín Nic Eoin, leagan breá drámatúil den amhrán Déiseach 'A Mhamaí nach tú an Cladhaire'.
Mícheál Ó Muircheartaigh i gColáiste Phádraig
Ba mhór ag pobal Gaeilge Choláiste Phádraig gur tháinig an craoltóir cáiliúil cruinnbhriathrach, an tUasal Mícheál Ó Muircheartaigh isteach le Seachtain na Gaeilge a sheoladh go hoifigiúil, Dé Luain, an 7 Feabhra. Labhair Mícheál ar cé chomh sásta is a bhí sé a fheiceáil is a chloisint go raibh an Ghaeilge sa Choláiste chomh láidir is atá. Labhair sé chomh maith ar an ról faoi leith atá ag an gColáiste agus ag an nglúin óg múinteoirí maidir lena ról ag cur chun cinn na teanga sna bunscoileanna amach anseo. Bhí slua mór i láthair ag an seoladh, agus d'fhan an Muircheartach ar feadh uair a chloig ina dhiaidh ag labhairt go flaithiúil leis na mic léinn agus leis na baill foirne a tháinig chuige.
Léacht agus cur i láthair ar na hAgallaimh Beirte sa Ghaeilge
Ar an Máirt, 7 Nollaig, thug Ray Mac Mánuis agus Joe Ó Dónaill, príomhoide agus múinteoir ranga i nGaelscoil Míde, cuairt ar Choláiste Phádraig le haoi-léacht a thabhairt ar an Agallamh Beirte mar chuid de chúrsa ar thraidisiún an aighnis i litríocht na Gaeilge. Tá iliomad duaiseanna Oireachtais buaite ag an mbeirt dheisbhéalach seo; labhair siad faoi chúrsaí cumadóireachta agus baineadh taitneamh ar leith as an agallamh cliste faoi chúrsaí teanga, ‘Lofa Líofa’, a ghnóthaigh duais ag Oireachtas na Samhna 2009.
Pádraigín Ní Uallacháin i gColáiste Phádraig
![]() |
Ar an Déardaoin, 25 Samhain, tháinig an an t-amhránaí cáiliúil, an Dr Pádraigín Ní Uallacháin, údar an leabhair A Hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel (Four Courts Press, 2003) agus an phacáiste teagaisc ardráchairte A Stór is a Stóirín: 36 songs for all ages (Gael Linn 2004), chun ceardlann amhránaíochta Gaeilge a dhéanamh leis na mic léinn ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas. Faoi stiúir Mháire Ní Choilm, bhí seisiún amhránaíochta sa seomra caidrimh an lá céanna, agus bhain a raibh i láthair (iarchéimithe, mic léinn B.Oid., B.A. agus Erasmus) an-taitneamh as na hamhráin a canadh go binn.
Scríbhneoir Cónaithe 2010- 2011/ Writer in Residence 2010-2011
Comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig/ Jointly sponsored by the Arts Council and St Patrick's College

Fáiltimid roimh Liam Ó Muirthile, atá ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain 2010-2011. Tá Liam ar dhuine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, agus tá aitheantas forleathan agus duaiseanna iomadúla faighte aige i réimsí na filíochta, an phróis chruthaithigh, na drámaíochta agus na hiriseoireachta. Is Corcaíoch é, atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, agus tá sé ina bhall d'Aosdána.
We welcome to the College Liam Ó Muirthile, who has been appointed as Writer in Residence for 2010-2011. Liam is one of the foremost contemporary Irish-language writers. His work in poetry, prose, drama and journalism has met with widespread critical acclaim and he has been the recipient of numerous literary awards. Born in Cork, he lives in Dublin and he is a member of Aosdána.
Bronnadh na gCéimeanna 2010: Comhghairdeachas leis na duaiseoirí

Bonn Mháirtín Uí Chadhain á bhronnadh ag an Dr Uáitéar Mac Gearailt ar Bhláthnaid Nic Cába, B Oid.

Michelle Ní Bhraonáin, B Oid, lena tuismitheoirí bródúla. Bhuaigh Michelle gradam Carlisle & Blake urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna; Bonn Vere Foster de chuid Ghairmchumann na Múinteoirí, agus Bonn Naomh Uinseann de Pól.
Duaiseanna Oireachtais do Sheán Ó Dubhchon, mac léinn sa Tríú Bliain B Oid
Na duaiseoirí óga ag ócáid bhronnta na nDuaiseanna Oireachtais 2010: Seán Ó Dubhchon (Coláiste Phádraig, Droim Conrach), Órla Ní Chuilleanáin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus Pádraig Mac Congáil (Ollscoil na Banríona).
Fógraíodh duaiseanna liteartha an Oireachtais 2010 ag ócáid i mBaile Átha Cliath aréir (28 Meán Fómhair). Bhuaigh Seán Ó Dubhchon, mac léinn B Oid i gColáiste Phádraig, trí dhuais sna comórtais do dhaoine faoi bhun 21 bliain d'aois: duais do scéal, do dhán agus d'amhrán. Is gradam mór do scríbhneoir óg duais a bhaint amach sna comórtais náisiúnta seo agus beidh éachtaí Sheáin ina spreagadh mór do mhic léinn an Choláiste atá ag treabhadh i ngort na scríbhneoireachta cruthaithí.
Bhí Seán ina chomheagarthóir ar iris na mac léinn, Scáthán 2010, agus bhuaigh sé duais a bhí urraithe ag Cló Iar-Chonnacht níos luaithe i mbliana do scéal leis a foilsíodh san iris sin. Foilsíodh dán leis freisin san eagrán reatha den iris Comhar, eagrán na Scríbhneoirí Úra.
Filíocht agus Ceol i gColáiste Phádraig
Bhí an file Gaeilge, Louis de Paor, agus an sárphíobaire clúiteach,
Ronan Browne (a raibh baint bhunaidh aige le Riverdance agus an Afro-Celt Sound System, mar aon le fuaimrianta scannán ar nós Rob Roy, Gangs of New York) i mbun ceoil agus filíochta sa Seomra Caidrimh, Coláiste Phádraig, Dé Céadaoin, 10 Márta. Bhí ceolchoirm den scoth ann, agus an bheirt acu ar camchuairt leis an saothar ‘Agus rud eile de’ a sheoladh. Is saothar dátheangach é seo a bhfuil ceol, filíocht, agus ealaín fite fuaite ina chéile ann. Bhain lucht éisteachta na hócáide ard-taitneamh as na himeachtaí an lae. Roimh an scléip sin, chomh maith, thug an Dr de Paor, atá mar stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, léacht ar an scannán faisnéise le Animo Productions a raibh baint mhór aige féin leis, ‘Mise, Seán Ó Ríordáin’.
'Ag Smaoineamh agus ag Scríobh Lasmuigh den Bhosca Angla-Mheiriceánach'
Fuair mic léinn na Gaeilge spléachadh ar shaol eile agus ar mhodhanna eile machnaimh nuair a labhair an file aitheanta Gabriel Rosenstock leo i gColáiste Phádraig ar 9ú Márta. Bhí Gabriel ann mar aoi-chainteoir de chuid an chúrsa, An Focal Beo, sraith ceardlanna cruthaitheachta atá ar bun ag mic léinn BA an Choláiste. Bhí deis ag cuid de na mic léinn páirt a ghlacadh i gceardlanna cumadóireachta leis an bhfile i gcaitheamh na seachtaine. Bhí idir lón machnaimh agus lón anama in aitheasc dúshlánach Rosenstock mar ar áitigh sé go raibh muintir an Iarthair faoi chuingir ag modhanna machnaimh arbh é an caipitlíochas a ghin iad.
Tharrraing Rosenstock ar dhánta ó chultúir éagsúla an domhain thiar agus an domhain thoir chun slí a dhéanamh do bhealaí eile smaointeoireachta. Tá gá le 'dífhoghlaim' chomh maith leis an bhfoghlaim féin, a dúirt sé. Mhol sé do mhic léinn blaiseadh de shaibhreas na gcultúr eile seo agus léigh sé a leaganacha Gaeilge féin de dhánta de chuid an phobail Ionúitigh agus saothar a cheap filí éagsúla a bhaineann le traidisiún ársa an Oirthir. Tá an dara himleabhar den chnuasach a rinne Rosenstock féin de chuid de na dánta seo, Guthanna Beannaithe an Domhain, díreach eisithe ag Coiscéim. Leag an file béim ar leith ar an ngá a bhíonn le 'deis anála' a thabhairt do dhánta seachas bheith ag déanamh síoranailíse orthu agus luaigh go bhféadfaí é seo a bhaint amach ar an iliomad slite.
Gradam Uí Shúilleabháin - Comórtais an Oireachtais

(Grianghraf le caoinchead Clive Wasson)
Tá an duais aithnidiúil Gradam Uí Shúilleabháin/ Leabhar Gaeilge na Bliana bronnta ag Bord na Moltóirí ar an Dr Ciarán Mac Murchaidh ó Roinn na Gaeilge sa Choláiste. Ainmníodh an díolaim dhátheangach faoin bhfilíocht ghrá, Filíocht Ghrá na Gaeilge: Love Poems in Irish (Cois Life, 2008) ar an ngearrliosta ag imeacht sa New Theatre, Barra an Teampaill Dé Máirt 15 Meán Fómhair. Seo an dara huair a raibh leabhar leis an Dr Mac Murchaidh ar ghearrliosta Ghradam
Uí Shúilleabháin. Ainmníodh Lón Anama (Cois Life, 2005), cnuasach dátheangach dánta spioradálta, don ghearrliosta do Ghradam na bliana 2006.
Fógraíodh cinneadh deiridh Bhord na Moltóirí ag searmanas san óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn ar 3pm Dé hAoine seo caite, 30 Deireadh Fómhair, mar chuid d'imeachtaí Oireachtas na Gaeilge 2009. Is é Páidí Ó Lionáird (TG4) a bhí ina fhear a' tí ag an ócáid agus is í Bláthnaid Ó Brádaigh, Cathaoirleach Bhord na Moltóirí, a rinne an bronnadh féin.
Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá san dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.
Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá. Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr. Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.
Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile

An Dr Máirín Nic Eoin, Tomás Ó Ruairc Uas. (Foras na Gaeilge, a mhaoinigh an tionscadal), Ailín Ní Chonchúir Uas. (An Bainisteoir Tionscadail), agus an Dr Anna Ní Ghallachair (Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad) ag seoladh an tSiollabais Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile ag ócáid sa Seomra Caidrimh i gColáiste Phádraig Dé Céadaoin 9 Meán Fómhair.
Ag ócáid i gColáiste Phádraig Droim Conrach ar an 9 Meán Fómhair, sheol Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, an Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile. Ba thoradh é an Siollabas seo ar Thionscadal de chuid na Meithle um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, Meitheal idir-institiúideach a d’eascair as an gcomhdháil ‘Teagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal’ a eagraíodh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mí Feabhra 2008.
Chuir an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal roimpi siollabas teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaeilge ar an tríú leibhéal, siollabas a bheadh bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha. Le cabhair cómhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus le tacaíocht ó ocht gcinn déag d’institiúidí tríú leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc, tá Céim 1 den Tionscadal – siollabas agus áiseanna teagaisc agus foghlama don Chéad Bhliain Ollscoile – ar fáil anois.
Is go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.
Ba iad Coláiste Phádraig Droim Conrach agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bhí i mbun ceannródaíochta sa Tionscadal agus ba iad an Dr Máirín Nic Eoin agus an Dr John Walsh a d’fheidhmigh mar chomhstiúrthóirí ar an Tionscadal. Fostaíodh Ailín Ní Chonchúir mar Bhainisteoir Tionscadail agus is í a rinne an Siollabas agus an t-ábhar teagaisc a dhearadh i gcomhar le baill na Meithle, mar aon le táirgeadh an tSiollabais a chomhordú.
Ag seoladh an tSiollabais di, thagair Anna Ní Ghallachair do ról criticiúil na gColáistí Tríú Leibhéal in oiliúint teanga múinteoirí. Mhol an Dr Máirín Nic Eoin baill na Meithle Siollabais as a gcuid oibre ar an Tionscadal agus ag trácht ar an gcomhoibriú idir-institiúideach di, dúirt sí go rabhthas ag súil le tógáil ar an gcomhoibriú sin nuair a bheidh an Siollabas á chur i bhfeidhm agus go raibh dóchas aici go leanfadh an comhoibriú dá mbeadh ar chumas na Meithle tabhairt faoi Chéim 2 den Tionscdal.
‘Tá an Siollabas nua bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha. Tá sé dírithe ar fhorbairt scileanna an fhoghlaimeora, idir scileanna ginearálta foghlama agus scileanna cumarsáideacha a bhaineann go dílis le foghlaim teangacha’ dar le hAilín Ní Chonchúir, an bainisteoir tionscadail. Tá ábhar an tSiollabais leagtha amach i bhfoirm topaicí a spreagfaidh féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha. Cur chuige tascbhunaithe atá i gceist agus déantar scileanna foghlama agus scileanna teanga na mac léinn a fhorbairt trí thascanna a bhunú ar théacsanna dílse Gaeilge.
Tuilleadh eolais ar fáil:
An Dr Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig (01) 8842205
mairin.niceoin@spd.dcu.ie
Ailín Ní Chonchúir (086) 4015318
ailin.nichonchuir@spd.dcu.ie
ailinnichonchuir@gmail.com
Bronnadh Scoláireachtaí Fhoras na Gaeilge 2008
Bhí ardoíche sa Seomra Caidrimh oíche Dé Céadaoin 30 Eanáir nuair a bronnadh duaiseanna Fhoras na Gaeilge ar mhic léinn Gaeilge ón Dara Bliain agus ón Tríú Bliain B Oid agus BA, agus nuair a tugadh aitheantas ar leith don chéimí óg Daithí Mac Éinrí a chroch leis Bonn Uí Chadhain (don mhac léinn ab fhearr a chruthaigh sa Ghaeilge i Scrúdú na Céime) anuraidh. Seo í an ceathrú bliain do Fhoras na Gaeilge urraíocht a dhéanamh ar na duaiseanna seo a thugann spreagadh agus ugach do mhic léinn an Choláiste barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhí slua ollmhór i láthair nuair a bhronn Máirín Nic Eoin agus Róisín Ní Ghairbhí ó Roinn na Gaeilge duaiseanna ar bhreis agus tríocha mac léinn. Ina dhiaidh sin rinne Éanna Mac Cába sárphíosa cainte, inar thagair sé do mhórghaisce Dhaithí Mhic Éinrí i ngort an léinn agus an spóirt. Luaigh sé an dlúthghaol idir saothrú an léinn agus na himeachtaí seach-churaclaim atá chomh tábhachtach sin i saol na mac léinn agus i saol na ndaltaí scoile a bheidh faoina gcúram amach anseo. Ba gheall le seisiún scéalaíochta an chaint spreagúil a thug Micheál Ó Muircheartaigh uaidh ina dhiaidh sin. Ní hamháin go ndeachaigh sé siar ar bhóithrín na smaointe go dtí a laethanta féin i gColáiste Phádraig, ach d’inis sé scéalta laochais agus gaisce, d’fhéach sé amach roimhe agus d’áitigh ar an lucht éisteachta gurbh fhiú dóibh a gcuid airgid a chur ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais peile na bliana seo. Chuir sé comhairle mhaith ar a raibh i láthair nuair a dúirt sé nár chóir misneach a chailliúint riamh ach gur chóir i gcónaí, i gcúrsaí Gaeilge, i gcúrsaí spóirt agus i gcúrsaí an tsaoil i gcoitinne, an misneach a choinneáil agus aghaidh a thabhairt go dóchasach ar na dúshláin a bheadh amach rompu. Chuaigh na mic léinn ina sluaite chun cainte le Micheál i ndiaidh na hócáide foirmiúla, glacadh grianghrafanna, leanadh leis an gcomhrá agus leis an seanchas, agus chas sé féin dreas ceoil ar an mbodhrán le ceoltóirí an Choláiste roimh dheireadh na hoíche. Oíche dár saol a bhí ann, tréaslaimid leis na mic léinn ar fad a chroch leo na duaiseanna agus gabhaimid buíochas leo siúd ar fad a tháinig chun an ócáid a cheiliúradh leo. Féach grianghraif anseo.
An Lá Eolais/ Open Day (17 Samhain, 2007)
Bhí an Lá Eolais Bliantúil ar siúl sa Choláiste Dé Sathairn 17 Samhain. Bhí seastán ag na Ranna Acadúla go léir agus ag roinnt aonad riaracháin ann, m.sh. Oifig na nIontrálacha, Comhaltas na Mac Léinn agus An tSeirbhís Gairmthreorachta. D'fhreastail go leor daltaí meánscoile ar an ócáid agus thug an formhór acu cuairt ar sheastán Roinn na Gaeilge, áit ar bhuail siad le baill foirne agus mic léinn de chuid na Roinne. Tá foireann na Roinne fíorbhuíoch de na mic léinn go léir a bhí sásta cuidiú linn san obair. Ba mhór an chabhair againn é. Tá roinnt grianghraf thíos a tógadh i rith an lae.
Cuid de chéad chuairteoirí na maidine ar sheastán na Gaeilge ar an Lá Eolais (17/11/2007). Ó chlé: Claire de Buitléar, Micheál Ó Faodh agus Fiona Nic Aodh Bhuí (Baile Átha Cliath) ag déanamh fiosruithe faoin gcúrsa Gaeilge sa Choláiste.
Beirt den fhoireann ghnóthach a bhí ag feidhmiú le Roinn na Gaeilge le linn an Lae Eolais: an Dr Ríona Ní Fhrighil agus Conchúr Ó Frighil (3BOid.).
Beirt chuairteoirí eile ó Liatroim álainn: Aoife agus Thomas Keenan ag tóraíocht eolais faoi chúrsaí Gaeilge i gColáiste Phádraig.
Gearóidín Nic Giolla Rua (2BOid.) agus triúr cailíní áille ó Choillte Mách i gCo. Mhaigh Eo agus iad ag cur spéise i Roinn na Gaeilge. Ó chlé: Síofra Ní Úimsí, Megan Ní Chléirigh agus Áine Nic Eoin.
Last Updated: Monday December 05 2011
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)




