Ciarán Mac Murchaidh BA BD MA PhD DLT ATO
Déan Taighde & Léinn Dhaonna
Tá saineolas aige ar phrós cráifeach an ochtú haois déag, go háirithe ar an tseanmóireacht, agus tá sé ag obair faoi láthair ar eagrán úr den téacs Seanmóirí Uí Ghallchóir. Cuireann sé spéis i gcúrsaí aistriúcháin agus tá cuid mhaith oibre déanta aige le blianta beaga anuas ar théacsanna Gaeilge do na bunscoileanna agus do na meánscoileanna. Tá suim aige fosta i litríocht Chúige Uladh agus i múineadh na gramadaí. Tá ailt foilsithe aige ar an nuafhilíocht agus ar chúrsaí staire agus ar litríocht an ochtú haois déag. Foilsíodh leabhar gramadaí leis, Cruinnscríobh na Gaeilge (Cois Life: 2002; tríú heagrán 2006), agus bhí sé ina eagarthóir ar chnuasach aistí Béarla faoi thábhacht na Gaeilge, 'Who Needs Irish?': Reflections on the Importance of the Irish Language Today (Veritas, 2004). Léigh léirmheas le Pól Ó Muirí ar an chnuasach aistí sin anseo. Eagarthóir Gaeilge é Pól Ó Muirí atá ag obair ag an nuachtán The Irish Times. Cnuasach dátheangach dánta faoina eagar is ea an foilseachan is déanaí uaidh, Lón Anama: Poems for Prayer from the Irish Tradition (Cois Life, 2005). Bailiúchán dánta a bhfuil téama na spioradáltachta nó na cráifeachta i gceist leo uilig. Sampla treorach atá ann de dhánta ón aois is luaithe anuas go dtí ár linn féin.
Oifig: E228
Guthán: (01) 884 2204
R-phost: Ciaran.MacMurchaidh@spd.dcu.ie
Last Updated: Saturday September 25 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

