St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

The cloisters at St. Patrick's College

Academic Departments

Ríona Nic Congáil BA (Idirnáis.) PhD (NUI)

 

Ríona Nic Congáil

Tá Ríona Nic Congáil i mbun taighde ar an Litríocht Ghaeilge do Pháistí ó thús thréimhse na hAthbheochana go dtí gur bunaíodh An Gúm. Bhain sí PhD amach i litríocht na Nua-Ghaeilge ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 2009, chomh maith le B.A. (Idirnáisiúnta) sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ón Ollscoil chéanna.

Tá spéis mhór aici sna réimsí taighde a leanas: An Litríocht do Pháistí sa Ghaeilge (nuachtáin agus leabhair) ó thréimhse na hAthbheochana ar aghaidh; an Litríocht Québécoise agus an Litríocht do Pháistí sa Fhraincis; Litríocht na mBan i dTúsré na hAthbheochana; Gluaiseacht na mBan sa Chóras Oideachais; Stair na Camógaíochta; Litríocht Árann; An Léann Útóipeach.

Foilsíodh a leabhar Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach (Arlen House, 2010) le déanaí, agus bronnadh Duais Leabhar Taighde na Bliana Fhoras na Gaeilge (ACIS) agus Duais an Oireachtais ar an leabhar seo sa bhliain 2010. Chuir sí dialann taistil Úna Ní Fhaircheallaigh, dar teideal Smaointe ar Árainn: Thoughts on Aran (Arlen House, 2009), in eagar freisin. Ina theannta sin, tá ailt agus aistí foilsithe aici in Éire-Ireland; Comhar; Feasta; Inis; Nua-Aois; Seanchas Ard Mhacha; Coláiste Uladh 1906-2006 agus tá ailt eile dá cuid le foilsiú go luath.

Tá duaiseanna Oireachtais buaite aici dá cuid scríbhneoireachta agus tá trí leabhar do dhaoine óga scríofa aici: Saol an Mhadra Bháin (LeabhairCOMHAR, 2011), An Túr Solais (Coiscéim, 2004, athchló 2007) agus An Leabhar Órga (Coiscéim, 2006).

Tá sí ina stiúrthóir ar Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge, a bhunaigh sí sa bhliain 2007, chun gréasán tacaíochta is sóisialta a chur ar fáil do scríbhneoirí nua na Gaeilge. Mar chuid de sin, tá dhá eagrán speisialta de Comhar curtha in eagar aici: Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Deireadh Fómhair 2009); agus Comhar: Eagrán na Scríbhneoirí Úra (Meán Fómhair 2010).

Oifig: B132
Guthán: (01) 884 2213

R-phost: Riona.NicCongail@spd.dcu.ie

 

 

Last Updated: Wednesday October 19 2011

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright