Máirín Nic Eoin BA MA PhD ATO
Ceapadh Máirín Nic Eoin mar Cheann Roinne i Meán Fómhair 2007. Scoláire liteartha is ea í bhfuil spéis ar leith aici i gcúrsaí critice agus i ngné na staire agus na socheolaíochta de léann na litríochta. Tá taighde bunúil déanta aici ar ionad na mban i dtraidisiún liteartha na Gaeilge agus leabhair agus aistí critice foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Nua-Ghaeilge. Is iad na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid go dtí seo ná: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982), Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988), An Ghaeilge i gCill Chainnigh agus B'Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998).
Foilsíodh 'Trén bhFearann Breac': An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005) i mí Mhárta 2005. Staidéar atá ann a fhéachann ar an díláithriú cultúir mar chúlra, mar chomhthéacs agus mar théama lárnach de chuid na nualitríochta Gaeilge. Agus an teoiricíocht iarchoilíneach mar phríomhfhráma tagartha aici, cíorann sí iarmhairtí cultúrtha an imeallaithe agus an mhionlaithe mar atá siad léirithe sa litríocht féin agus sa tráchtaireacht chriticiúil a rinneadh go dtí seo uirthi. Is féidir léirmheas ar an leabhar leis an Dr Fionntán de Brún (Ollscoil Uladh) a léamh anseo.
Is é Ar an gCóigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Cló Iar-Chonnachta, 2008) an saothar is déanaí léi. Comhfhiontar a bhí ann idir í fein agus an Dr Aisling Ní Dhonnchadha (Léachtóir Sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann Má Nuad). Fógraíodh Dé Máirt 15 Meán Fómhair go bhfuil an saothar sin roghnaithe le haghaidh ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin (an duais a bhronntar gach bliain ar leabhar Gaeilge na bliana).
Oifig: D310
Guthán: (01) 884 2205
R-phost: Mairin.NicEoin@spd.dcu.ie
Last Updated: Wednesday September 23 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

