Máire Ní Choilm BOid MA (Oideachas)
MA (Staidéar an Aistriúcháin)
Bhain Máire a bunchéim B Oid amach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Rinne sí MA san Oideachas in Ollscoil Stát Chalifornia, Chico, agus MA i Staidéar an Aistriúcháin in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sí aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar amhránaí sean-nóis agus tá go leor duaiseanna agus gradam gnóthaithe aici. Ba í a bhuaigh Comórtas na mBan, Corn Phádraig Mac an Rí, ag Oireachtas 2009.
Tá spéis ar leith taighde ag Máire i dtraidisiún amhránaíochta Thír Chonaill agus Oileán Thoraí. Tá saintaithí aici freisin ar theagasc na Gaeilge do dhaoine fásta, in Éirinn agus thar lear.
Oifig: E103
Guthán: (01) 884 XXXX
R-phost: Maire.Nichoilm@spd.dcu.ie
Last Updated: Monday September 27 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

