Róisín Ní Ghairbhí BA PhD

Rinne Róisín Ní Ghairbhí a cuid ollscolaíochta ag leibhéal na fochéime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ag Université de Haute Bretagne. Bhain sí PhD amach in Ollscoil na Gaillimhe ar thráchtas faoi na scríbhneoirí dátheangacha Micheál Ó hAirtnéide agus Eoghan Ó Tuairisc. Tá an tráchtas sin á chóiriú don chló faoi láthair aici. Chaith sí tréimhsí ag obair mar léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Luimnigh.
Tá sainspéis aici sna réimsí seo a leanas: nualitríocht na Gaeilge agus an Bhéarla, teoiricí an iarchoilíneachais agus an aistriúcháin, agus an tsochtheangeolaíocht.
Oifig: E213
Guthán: (01) 884 2304
r-phost: Roisin.NiGhairbhi@spd.dcu.ie
Last Updated: Thursday September 04 2008
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

