Éadaoin Ní Mhuircheartaigh BA MA
Bhain Éadaoin BA amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus MA (sa Nua-Ghaeilge) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sí i mbun taighde dhochtúireachta faoi láthair ar dhrámaíocht na Gaeilge. Is iad na príomhréimsí taighde atá aici ná: an drámaíocht agus an t-agallamh beirte; an nualitríocht; cúrsaí cinsireachta; an traidisiún béil agus stair léann an bhéaloidis.
Bhí sí ina comheagarthóir, le Nollaig Mac Congáil, ar an leabhar Drámaí Thús na hAthbheochana (Arlen House, 2008); agus ba í a scríobh an aiste eolais ar Mháirtín Ó Cadhain agus an script don DVD Claíocha Arda (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 2006). Foilsíodh a haiste 'Marbhfháisc - An Béal Marbh in Cré na Cille' in Bliainiris 8 (2008).
Oifig: G2
Guthán: (01) 884 2066
R-phost: Eadaoin.nimhuircheartaigh@spd.dcu.ie
Last Updated: Thursday October 28 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

