St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

The cloisters at St. Patrick's College

Academic Departments

Ciarán Ó Coigligh BA MA PhD ATO

 

coc

Is saineolaí Ciarán Ó Coigligh ar ghramadach agus ar chanúintí na Gaeilge, ar ainmneacha daoine agus áiteanna, agus ar fhilíocht na Gaeilge. File, gearrscéalaí, drámadóir agus úrscéalaí é freisin. Is reathaí maratóin tiomnaithe é.

Tá spéis ar leith aige i gCultúr na Beatha, sa tsaoithiúlacht Chríostaí, san éacúiméineachas, sa gcaidreamh idirchreidmheach, in oideachas i gcomhair daoine faoi mhíbhuntáiste, agus i mí-úsáid substaintí a chur ar gcúl. Gníomhaíonn sé i gcáilíocht Eagarthóra le Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FÁS).

Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá chuid tá Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais (eag.); Caitlín Maude: Dánta (eag.); Raiftearaí: Amhráin agus Dánta (eag.); An Fhilíocht Chomhaimseartha (eag.); Mangarae: Aistí Litríochta agus Teanga; Caitlín Maude: Dánta, Drámaíocht, agus Prós (eag.); An Odaisé (eag.); An Choiméide Dhiaga (eag.); Seanchas Inis Meáin (eag.); Duibhlinn; Slán le Luimneach; Cín Lae 1994 agus Léarscáil Inis Meáin. Foilsíodh an cnuasach dánta, Cúram File (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2004), ag seoladh a eagraíodh i dTeach Belvedere sa Choláiste. Léigh tuairisc ar na himeachtaí anseo.

Seoladh comhshaothar leis féin agus leis an ealaíontóir Eoin Mac Lochlainn, Aiséirí/Requiem: Leabhar Ealaíon agus Filíochta, (Cló Chaisil, 2006) ag ócáid i bPríosún Chill Mhaighneann Dé hAoine, 8 Nollaig 2006. Léigh tuairisc ar an saothar anseo. Foilsíodh Odaisé Ghael-Mheiriceánach, an tríú húrscéal leis, le gairid. Léigh tuairisc ar an saothar seo anseo.

Tá rogha dánta leis (as na seacht gcnuasach a foilsíodh go dtí seo), cnuasach hadhcúnna, cnuasach dánta faoi chúrsaí reatha, agus leagan Gaeilge a rinne sé d’fhilíocht Karol Wojtyla (Eoin Pól II) , le foilsiú as seo go ceann scaithimh.

Is féidir teacht ar liosta iomlán cuimsitheach de shaothar foilsithe an Dr Ciarán Ó Coigligh anseo.

Oifig: D306
Guthán: (01) 884 2203

R-phost: Ciaran.OCoigligh@spd.dcu.ie

 

 

Last Updated: Thursday July 24 2008

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright