Breandán Ó Conaire NT BA MA ATO
Saineolaí ar litríocht an Bhlascaoid Mhóir, ar an Dírbheathaisnéis, ar thréimhse is ar cheannairí na hathbheochana agus ar shaothar liteartha Myles na gCopaleen. Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá chuid, tá Éigse (eag., 1974); Amhráin Ghrá Chúige Chonnacht (eag., 1985); Language, Lore & Lyrics (eag., 1986); Myles na Gaeilge (1986); Tomás an Bhlascaoid (eag., 1992); Bloghanna ón mBlascaod (eag., 1997); Imeachtaí Chomhdháil an Chraoibhín (eag., 1988-96); Léachtaí an Ghorta (eag., 2000); 'Dáithí Ó Coimín agus Aontacht na Gaeilge' in Studia Hibernica 29 (1995-'97); 'Na Protastúnaigh, an Ghaeilge agus Dubhghlas de hÍde' in Seanchas Ard Mhacha 15.2 (1993); 'Focail ag iompar saoil: filíocht Sheáin Uí Ríordain' in Saoi na hÉigse (2000); 'Nótaí ar Fhaisnéis Bheatha as Árainn Mhór' in Studia Hibernica 31 (200-2001) agus 'An chuimhne, an fhírinne agus an dírbheathaisnéis' in Aimsir Óg (2000).
Bhí sé ina eagarthóir ar an bhféilscríbhinn a tiomsaíodh in onóir do Shéamus P. Ó Mórdha, Aistí ag Iompar Scéil (An Clóchomhar, 2004). Bhí Ó Mórdha ina Cheann Roinne ar Roinn na Gaeilge go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1981.
R-phost: Breandan.OConaire@spd.dcu.ie
Last Updated: Thursday November 15 2007
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

