St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

The cloisters at St. Patrick's College

Academic Departments

CLEACHTADH MÚINTEOIREACHTA

students working in the resource centreView in English

Fáilte romhat chuig an rannóg i gColáiste Phádraig a dhéanann plé le Cleachtadh Múinteoireachta. Tá súil agam go mbeidh an t-eolas atá curtha ar fáil cabhrach. Tá cleachtadh múinteoireachta mar chuid lárnach den teagasc agus den taighde sa choláiste. Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go sroichfidh na mic léinn caighdeán ard ó thaobh an teagaisc, na foghlama agus na proifisiúntachta de agus go mbeidh toradh na hoibre sin le brath ar gach a dhéanann na mic léinn ar an gcleachtadh múinteoireachta. Cuirimid an-bhéim ar an mac léinn mar fhoghlaimeoir a dhéanann machnamh ar ghnóthaí teagaisc agus foghlama ar aistear proifisiúnta.  Mairfidh an t-aistear sin nuair a bhíonn an mac léinn cáilithe agus mar bhall de phroifisiún na múinteoireachta.

Tá ról lárnach ag na scoileanna i gcleachtadh múinteoireachta. Táimid faoin tuairim go bhfoghlaimíonn na mic léinn cuid mhór faoin teagasc, faoin bhfoghlaim agus faoi pháistí bunscoile le linn dóigh bheith sna scoileanna ar an gcleachtadh múinteoireachta. A bhuí le scoileanna agus leis an tacaíocht den scoth a chuirtear ar fáil do na mic léinn, saibhrítear scileanna teagaisc na mac léinn.  Is mór againn freisin an bealach ina mbíonn seans ag na mic léinn bheith mar bhall den phobal scoile le linn an chleachtadh múinteoireachta. I gcomhpháirtíocht le scoileanna, leanfaimid linn ag feabhsú gnóthaí a bhaineann le cleachtadh múinteoireachta.  

Guím gach rath oraibh don todhchaí,

Bernadette Ní Áingléis,
Stiúrthóir an Chleachtadh Múinteoireachta

Last Updated: Tuesday October 26 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright