St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

Buildings at St. Patrick's College

Oifig na Gaeilge

Agallamh na Míosa

Is í Ailín Ní Chonchúir, Bainisteoir Tionscadail na Meithle um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, agallaí na míosa seo.

 

An bhféadfá a rá linn cé tú féin agus cad as tú?

Ailín Ní Chonchúir is ainm dom, ó áit darb ainm Cill Chúile, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí.

An bhfuil mórán athruithe tagtha ar do cheantar dúchais ó d’fhágais féin é?

An t-athrú is mó a chím, is dócha, ó d’fhágas féin an ceantar ná na tithe nua ar fad a tógadh ansan roinnt mhaith blianta ó shin. Thabharfá fé ndeara go mór é agus tú ag teacht thar n-ais. Bhí tréimhse nuair nach raibh puinn tithe le feiscint sa cheantar áirithe sin ach ansan an chéad rud eile, dh’fhéachfá amach an fhuinneog agus bheadh sé nó seacht gcinn de thithe nua mórthimpeall ort. Go minic ní bhíodh daoine ag maireachtaint iontu go buan; tithe saoire ab ea iad, abair, ach tá sé sin ag athrú. Ach bhí sé suntasach go leor ar feadh tamaill.

Agus an iad lucht na Gaelainne atá bogtha isteach sna tithe sin nó meascán de dhaoine?

Is dócha go bhfuil meascán daoine ann. Ach cinnte, tithe saoire den gcuid is mó atá i gceist. Daoine b’fhéidir ó Chorcaigh, ó Luimneach agus ó Bhaile Átha Cliath. Tá suim acu sa cheantar agus suim acu san áit, gan amhras. B’fhéidir go mbeidís ann coicíos nó trí seachtaine sa tsamhradh nó le linn na Nollag agus bíonn daoine eile ansan go mion minic agus iad gníomhach sa cheantar nuair a bhíonn siad timpeall, agus leanaí acu páirteach agus gníomhach sa cheantar agus in imeachtaí agus mar sin de. Mar sin, meascán daoine atá ann.

Thugais aghaidh ar Ghaillimh tar éis duit an scoil a chríochnú. Ar thaitin sí leat agus cad a bhí ar bun agat ann?

Thaitin an Ghaillimh ana-mhór ar fad liom. Cathair a bhí i gceist ach cathair bheag, chairdiúil; pobal beag daoine agus bhí sé go hálainn mar chathair. Thaitin an Ollscoil ana-mhór liom chomh maith. Dheineas Gaelainn agus Fraincis don gcéim san Ollscoil. Thugas bliain thar lear ar erasmus sa Bhriotáin agus dheineas Briotáinis agus Fraincis nuair a bhíos thall. Agus ansan thugas samhradh in Alsace na Fraince, samhradh i Londain, samhradh sa Bhruiséil, agus ansan, mar a deirim, samhradh sa Bhriotáin.  Ansan dheineas Ardteastas san Oideachas ar feadh bliana sa Ghaillimh chomh maith – bíonn sé deacair an Ghaillimh a dh’fhágaint nuair a théitear ann! Ansan bhogas liom chun na hAstráile. Tar éis na hAstráile ansan thána go Baile Átha Cliath chun máistreacht a dhéanamh sa Ghaelainn sa Choláiste Ollscoile, BÁC.

Ab in é a thug i dtreo na múinteoireachta thú?

Bhuel, nuair a bhíos ag déanamh na máistreachta, tugadh deis dom ranganna teanglainne a mhúineadh agus thaitin an cur chuige a bhí sa teanglann go mór liom agus spreagadh spéis ionam sa teangeolaíocht fheidhmeach agus i modhanna múinte nua-aimseartha cumarsáideacha.  Bhí deis agam ansan post a fháil mar Oifigeach Gaeilge agus dheineas an jab san ar feadh trí bliana agus mar chuid den bpost san fuaireamar maoiniú chun siollabas agus cúrsaí úrnua a chur le chéile do phobal na hOllscoile ag cúig leibhéal éagsúla. D’eagraímis an-chuid ar fad ó thaobh cúrsaí de agus d’fhorbraíomar Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach – ceann de na chéad dioplómaí sa Ghaeilge sa tír.

Bhí deis agam ansan ranganna oíche a mhúineadh, ranganna teanglainne , ranganna do dhaoine fásta; agus thosnaíos ag múineadh ranganna ar fud na cathrach chomh maith. Mar sin bhí deis agam ana-chuid teagaisc a dhéanamh agus thaitin sé ana-mhór ar fad liom. Tar éis cúpla bliain ansan dh’fhágas UCD agus bhíos ag obair go neamhspleách ag múineadh d’eagraíochtaí, ag forbairt acmhainní teagaisc agus dheineas obair ar feadh roinnt mhaith blianta d’eagraíochtaí sa Státchóras; sainchúrsaí teanga d’eagraíochtaí éagsúla, ag brath ar na riachtanaisí teanga agus oibre a bhí acu.

Cad a bhí i gceist leis na ranganna teanglainne?

Gnáthranganna teanga ab ea iad go minic ach go mbídís ar siúl sa teanglann. Ach bhíodh cleachtaí éisteachta i gceist chomh maith. Dhéantaí taifeadadh ar mhíreanna ó Raidió na Gaeltachta agus ansan dhéantaí ceachtanna a bhunú air sin. Mar sin, cleachtaí éisteachta a bhíodh ann go mion minic agus ansan ranganna teanga bunaithe ar na cleachtaí éisteachta san. Rud eile a bhíodh ann ná go roghnaíodh mac léinn canúint ar leith. Mar sin, roghnóidís canúint na Mumhan, canúint Uladh nó canúint Chonnacht. Ach an rud a chiallaigh sé sin ná go ndéantaí iarracht teagascóir leis an gcanúint sin a bheith agat. Bheadh rang amháin agus b’fhéidir go mbeidís ag éisteacht le taifeadadh ó Nuacht an Deiscirt; rang eile, Nuacht Chonamara; agus rang eile, Nuacht Ghaoth Dobhair, abair. Dhéantaí na cleachtaí ansan a chur in oiriúint do na dreamanna san. Obair mhór a bhí i gceist agus dhéantaí é sin go laethúil.

Agus ar éirigh leo?

Bhíos-sa ag foghlaim ag an am agus cheapas gur cur chuige iontach a bhí ann. Thug sé spreagadh dom cé chomh dearfach agus a bhí daoine faoi agus an méid oibre a chuirtí isteach ann. Is ansan a chuireas spéis ins an gcur chuige cumarsáideach. Bhí grúpa beag againn a tháinig le chéile cúpla babhta agus bhíomar ag léamh alt agus rudaí faoin teangeolaíocht fheidhmeach. Bhíos ag féachaint ar leabhartha a cuireadh le chéile don mBéarla – leabhair d’acmhainní foghlama - agus ansan ag iarraidh iadsan a chur in oiriúint don nGaelainn agus rudaí mar sin, so bhí sé sin spéisiúil.

An bhféadfá beagáinín a rá faoin Meitheal um Theagasc na Gaeilge agus an bhaint atá agat féin leis, más é do thoil é?

D’eascair an Mheitheal san as an gcomhdháil ‘Teagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal’, a eagraíodh anso i gColáiste Phádraig i mí Feabhra 2008. Ag an gcomhdháil sin bunaíodh Meitheal oibre agus an cuspóir a bhí ag an Meitheal ná siollabas teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaelainne ar an Tríú Leibhéal; siollabas a bheadh bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’fhoghlaim teangacha.          

Faoi láthair tá siollabas deartha agus curtha ar fáil don gcéad bhliain ollscoile agus don dara bliain ollscoile agus tá siad san ar fáil ar an suíomh www.teagascnagaeilge.ie, agus tá an siollabas don tríú bliain ullamh le seoladh, agus beidh sé á sheoladh ar an séú lá de mhí Feabhra.

Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhí i mbun ceannródaíochta sa tionscadal agus ba iad an tOllamh Máirín Nic Eoin agus an Dochtúir John Walsh a d’fheidhmigh mar chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Is é an Dochtúir Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh a dhéanann an obair theicniúil agus tá an suíomh á chumhachtú ag an Ollscoil sin, agus mise atá ag obair mar Bhainisteoir Tionscadail ar an obair le trí bliana anuas.

Cérbh iad na dúshláin is mó a bhí ann maidir le siollabas agus ábhar teagaisc a dhearadh?

Bhuel, tá an Siollabas nua bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, agus ceann de na rudaí a leagtar amach sa bhFráma Tagartha san ná scálaí cumais do leibhéil éagsúla teanga, ag dul ó leibhéal an úsáideora bhunúsaigh suas go dtí leibhéal an-ard teanga. Tá an siollabas seo bunaithe ar bhanda cumais B2 agus tá torthaí foghlama leagtha amach againn in ocht gcinn de scileanna éagsúla teanga: stór focal, cruinneas gramadaí, léamhthuiscint, labhairt, foghraíocht, oiriúnacht shochtheangeolaíoch agus gramadach.

Ach an rud ba dhúshlánaí ar fad ná na torthaí foghlama sin a leagan amach i slí is go bhfeicfí forbairt ó bhliain a haon go bliain a dó go bliain a trí. Mar, nuair atá ocht gcinn de scileanna teanga i gceist agus má thógann tú ceann amháin acu, abair an chluastuiscint, cad iad na torthaí foghlama a bheadh ann don chéad bhliain? Cad leis a bhfuiltear ag súil ón mac léinn sa chéad bhliain i gcomparáid leis an mac léinn sa tríú bliain? Caitear é sin ar fad a cheangal leis an gcur síos atá déanta ag Comhairle na hEorpa ar na leibhéil teanga san. So b’in domsa an dúshlán ba mhó a bhí ann.

An chuid ba thaitneamhaí ná forbairt an ábhair shamplaigh. Bhaineas ana-shúp ar fad as san. Tá an t-ábhar samplach ar fad bunaithe ar théacsanna dílse; téacsanna físe, téacsanna fuaime agus téacsanna léitheoireachta. Agus ansan dheineamar tascanna samplacha ranga a dhearadh bunaithe ar na téacsanna san.

Cad é an difear idir ‘siollabas ‘ agus ‘cúrsa’?

Is é an rud a bhíonn i ‘siollabas’ de ghnáth ná torthaí foghlama. D’fhéadfá a rá go ginearálta gur saghas mapa nó plean don bhfoghlaim é ‘siollabas’; cad a bheidh á fhoghlaim, conas a bheifear á fhoghlaim agus cé chomh maith agus a bheifear á fhoghlaim. Is dócha, mar sin, gurb é an príomhrud a bhíonn i gceist ná torthaí foghlama.

An rud a bhíonn i gceist le torthaí foghlama ná cur síos ar an gcumas lena bhfuiltear ag súil ón bhfoghlaimeoir. Cad a bheidh bainte amach ag foghlaimeoir ar leith dá chuid foghlama. Chomh maith leis sin ansan, tá ábhar samplach teagaisc forbartha againn a léireodh don teagascóir conas prionsabail an tsiollabais a chur i bhfeidhm sa tseomra ranga.  So ní cúrsa cinnte é ina leagtar amach seachtain ar sheachtain cad a bheifear ag déanamh i ngach gné den rang.

Tá saoirse, mar sin, ag teagascóirí a gcuid féin a dhéanamh den ábhar samplach, an bhfuil?

Tá ach tá sé tábhachtach go gcuirfí ábhar teagaisc in oiriúint do mhic léinn, agus go gcuirfí in oiriúint é don gcúlra teangeolaíoch agus don gcúlra sochtheangeolaíoch atá acu. Ní hionann, mar shampla, na téacsanna, b’fhéidir, agus na cleachtaí a bheifeá ag déanamh le mic léinn a bhfuil cúlra Gaeltachta acu agus na mic léinn ó chúlra éigin eile. Mar shampla, b’fhéidir nárbh fhiú cleachtadh ar na briathra san aimsir chaite a dhéanamh le mic léinn Ghaeltachta ach ag an am céanna, b’fhiú go mór cleachtaí eile a dhéanamh leo a bheadh beagáinín níos éasca do dhaoine a tháinig go dtí an dteanga mar fhoghlaimeoirí T2.

Mar shampla, tá mír físe againn ina bhfuil Cathal Ó Searcaigh ag caint ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag teacht go dtí an dtigh sa Ghaeltacht, ag baile. Agus tá an mhír sin curtha in oiriúint againn do mhic léinn Ghaeltachta, ina ndéanann siad féin machnamh ar fhoghlaimeoirí ag teacht go dtí an gceantar; an mbíodh daoine ag fanacht sa tigh acu féin fadó nó an mbíonn Raidió na Gaeltachta ar siúl sa tigh agus cad a cheapann siad de Raidió na Gaeltachta? Ní bheifí ag úsáid an ábhair sin le mic léinn nach as an nGaeltacht iad - mar sin, tá sé i gceist go gcuirfí ábhar teagaisc in oiriúint i gcónaí.

Sa chás go mbíonn grúpaí measctha ansin agat, cad a dhéanann tú nó conas a dhéileálann tú leis sin?

Bíonn an dúshlán sin ann i gcónaí agus dúshlán siúrálta is ea an éagsúlacht chumais i measc na mac léinn; éagsúlacht ó thaobh cúlra de, éagsúlacht ó thaobh cumas teangeolaíochta de. Sin an dúshlán a bhíonn roimis teagascóirí i gcónaí is dócha. Ach tá slite ann. Tá a gcuid seifteanna féin ag teagascóirí agus taithí na mblianta acu air seo agus iad go maith in ann chuige.

Ar féachadh le freastal ceart a dhéanamh ar mhic léinn Ghaeltachta sa siollabas nua agus conas?

Bhuel, is iad na torthaí foghlama céanna atá le sroichint ages na haon duine. Is ins an teagasc atá na difríochtaí. Mar shampla, le mic léinn Ghaeltachta, dírítear ar rudaí cosúil leis an difríocht idir a gcanúint agus an Caighdeán Oifigiúil; eolas ar chanúintí eile seachas a gcanúint féin; eolas a chur ar a dteanga féin a bhfuil rialacha agus pátrúin ag dul leis; cur amach ar stór focal comhaimseartha – abair, an teanga lasmuigh den bhfearann pearsanta amháin; eolas ar réimeanna teanga sa scríbhneoireacht.

Go minic bíonn na mic léinn Ghaeltachta ana-chompordach ar fad leis na difríochtaí réime sin a tharlaíonn sa chaint, ach b’fhéidir ná beidís chomh compordach céanna sa scríobh. Leis na mic léinn T2, b’fhéidir gurb é a mhalairt a bhíonn i gceist: b’fhéidir go mbeidís compordach ag deighleáil le difríochta réime sa scríobh ach ná beidís chomh compordach céanna sa chaint. An rud is tábhachtaí mar sin ná go mbeadh na cleachtaí curtha in oiriúint.

An bhfuil ag éirí libh na spriocanna atá curtha romhaibh agaibh sa siollabas a chur i gcrích?

An sprioc a bhí ag an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal ná siollabas agus ábhar samplach teagaisc a dhearadh don gcéad, don dara agus don tríú bliain ollscoile agus tá an sprioc san bainte amach. Tá an obair curtha i gcrích. An chéad rud eile anois, is dócha, ná go ndéanfadh institiúidí a gcuid féin den siollabas sin; táscairí grád a bhunú ar na torthaí foghlama a bheadh oiriúnach dá gcuid institiúidí féin; tascanna measúnachta a fhorbairt – sin céim eile fíorthábhachtach. Go ndéanfaí córais mheasúnachta agus tascanna measúnachta a dh’fhorbairt a bheadh ag teacht le prionsabail na siollabas agus a bheadh ag teacht leis an gcur chuige teagaisc, is dócha.

Tá sé tábhachtach, b’fhéidir, amach anso, go ndéanfaí cúrsaí a dh’fhorbairt bunaithe ar na siollabais agus go ndéanfaí an oiliúint chuí a chur ar theagascóirí chun go mbeidís ábalta na prionsabail a chur i bhfeidhm sa tseomra ranga.

Tá leanaí á dtógáil agat le Gaeilge. An bhfuil sé deacair?

Tá sé dúshlánach agus tá sé deacair, cinnte. Tá triúr leanaí agam fé bhun sé bliana d’aois. Labhraim Gaelainn leotha agus labhrann siad liom i meascán den dá theanga. Tá an duine is sine sna naíonáin mhóra i nGaelscoil agus an cur síos a dhéanann sí féin uirthi féin ná go bhfuil trí theanga aici: Gaelainn na scoile, Gaelainn Mhamaí agus Béarla!

Mar shampla, rudaí cosúil le ‘dhearúdas mo bhosca lóin’. Déarfadh sise “no, on school (‘ar scoil’), we say ‘rinne mé dearmad’ – dhá struchtúr chomh difriúil lena chéile!

Agus an gceapann sí go bhfuil ‘dhearúdas’ mícheart ansin?

Ní cheapann – ‘teanga’ eile! Slí eile chun rudaí a rá seachas teanga eile. An rud a chuireann iontas orm ná go nglacann leanaí chomh hóg go bhfuil slite difriúla chun rudaí a rá. Ní dhéanann siad an machnamh céanna mar gheall air is a dhéanaimidne – gan amhras! Tá an cailín is óige bliain go leith agus tá ana-chuid cainte aici ach cheana féin deir sí rudaí sa dá theanga ag brath ar cé leis a bhfuil sí ag caint. Má tá sí ag caint leis an bhfeighlí linbh deir sí ‘apple’ agus má tá sí ag caint liomsa deir sí ‘úll’.  Ach anois an rud a dhéanann sí, ar eagla na heagla, ná ana-chuid focal a rá le chéile sa dá theanga. Mar shampla, ‘apple-úll’ a ghlaonn siad ar an rud sin gur ‘úll’ é, agus ‘book-leabhar’ agus mar sin de. Mar sin, ar eagla na heagla, deireann sí an dá fhocal le chéile.

Labhrann d’fhear céile Béarla leotha, an labhrann?

Labhrann, toisc gurb é sin an saghas comhairle a chonac i leabhar.

Agus nuair a bhíonn sibh ar fad le chéile, an Béarla amháin a labhrann sibh?

 

Meascán de Ghaelainn agus Béarla. Buntáiste is ea é go dtuigeann sé sin (i.e. m’fhear céile) na haon rud. Béarla a labhrann na leanaí liom go fóill, ach tá siad breá ábalta iad féin a chur in iúl, agus táim dóchasach agus creidim go mbeidh Gaelainn acu. Caitheann siad ana-chuid ama thíos i gCiarraí agus tá pobal Gaelainne thíos ansan acu. Cinnte, tá dúshlán ann agus caithfidh tú a bheith spreagtha chun é a dhéanamh. Cabhraíonn an scoil ó thaobh daoine eile a dh’fheiscint a labhrann Gaelainn, agus go mórmhór leanaí eile a bhfuil dul chun cinn iontach déanta acu. Nuair a bhíonn pobal scoile ann bíonn sé sin tacúil agus cabhrach. Ach chomh fada is go bhfuil siad sláintiúil agus sásta, sin é an rud is tábhachtaí!

____________________________________________

 

 

 

 

 

 

 

 

Last Updated: Tuesday January 31 2012

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright