AISTRIÚCHÁIN
SEIRBHÍS AISTRIÚCHÁIN
Cuireann Oifigeach na Gaeilge seirbhís aistriúcháin ar fáil agus má theastaíonn ó aon duine sa Choláiste go dtiontófaí ábhar go Gaeilge, téadh an duine sin i dteagmháil le Caoimhín Ó hIcí ag an uimhir 2354 nó cuireadh sé teachtaireacht ríomhphoist chuige. Is é an seoladh atá aige ná Caoimhin.OhIci@spd.dcu.ie.
Más lear mór ábhair atá le haistriú agus gan dóthain ama a bheith ag Oifigeach na Gaeilge tabhairt faoi mar is ceart, is féidir leis an obair a thairiscint d'aistritheoirí seachtracha. Féachfar chuige gur aistritheoir cumasach a dhéanfaidh an obair sa chás sin i gcónaí.
Last Updated: Tuesday October 06 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

