Léitheoireacht na Gaeilge
Leabhar Nua ar an bhfód
Maitríóisce
Is é seo an dara húrscéal Gaeilge do dhéagóirí óga ó pheann Shiobhán Parkinson, agus taitneoidh sé le cailíní arís eile. Is í an bhábóg Rúiseach, a bhfuil na mionbhábóga céanna ar an taobh istigh di, príomhíomhá an úrscéil seo: is é “maitríóisce” an leagan nua Gaeilge den téarma “matryoshka”, an bhábóg Rúiseach. Nuair a thagann na bábóga seo isteach sa scéal, glactar leis nach bhfuil iontu ach séad fine neamhspéisiúil, ach léirítear dúinn roimh i bhfad gur meafar iad don cheangal idir cúig ghlúin de mhná in aon teaghlach amháin.
Díríonn an plota ar Mhara, a fhaigheann bábóga Rúiseacha óna máthair dá breithlá agus í trí bliana déag d’aois. Deirtear léi gur lena seanmháthair na bábóga sin. Spreagann an bronntanas spéis agus samhlaíocht Mhara i dtaobh a ginealaigh mhatrarcaigh, agus téann sí sa tóir ar an tseanmháthair nach raibh aithne aici riamh uirthi - mar gheall ar aighneas éigin a tharla idir a máthair agus a seanmháthair – agus aimsíonn sí rúin aisteacha an teaghlaigh ar an mbealach. Tá an plota féin an-bhunúsach: sa chás áirithe seo, cuireann simplíocht an phlota go mór leis an bpléisiúr a bhaineann leis an léitheoireacht.
I litríocht Ghaeilge na n-óg, tá an ficsean do dhéagóirí óga i measc na seánraí is mó a ndéantar faillí iontu, agus tá an-chuid á déanamh ag Siobhán Parkinson chun ábhar maith, spreagúil a chur ar fáil don aoisghrúpa seo. Tugtar an-léiriú ar shaol Mhara, agus í ar thairseach bhlianta an déagóra: tá cairdis, éabhlóid agus réabhlóid na gcaidreamh fite tríd an bplota ar bhealach ealaíonta. I dtaobh na teanga de, is léir gur ghlac an t-údar an cúram uirthi féin le cinntiú go mbeadh an leabhar seo sothuigthe do léitheoirí a bhfuil caighdeáin dhifriúla Ghaeilge acu. Is leabhar é Maitríóisce a ardaíonn an croí, agus i ndiaidh dóibh é a léamh, beidh go leor léitheoirí óga (agus níos sine!) ag súil go mór leis an gcéad leabhar Gaeilge eile ó pheann Parkinson.
Léirmheas le Ríona Nic Congáil, Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig
__________________________________________
Last Updated: Wednesday January 25 2012
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

