St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

Buildings at St. Patrick's College

Oifig na Gaeilge

CLÁRACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ

TG4

Seacht Lá

Clár seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird is ea 7 Lá, áit a bpléitear cúrsaí reatha. Déantar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus scéalta Gaeltachta, mar aon le scéalta móra na tíre.

Bíonn painéal cumasach cainteoirí ann gach seachtain faoi stiúir Pháidí agus ceisteanna móra na linne á gcíoradh acu.

Seacht Lá, Dé Máirt @ 19:30

Páidí Ó Lionáird

 

Seó Spóirt

Buail fút ar an tolg agus tabhair cluas do Dhara Ó Cinnéide agus a chriú, agus iad ag tuar cé leis a mbeidh rith an ráis ar an gclár seachtainiúil, 'Seó Spóirt', a chraoltar oíche Dé hAoine ag deich nóiméad chun a deich ar TG4.

Bíonn Seán Bán Breathnach i dteannta Dhara sa stiúideó féin gach seachtain agus téann Gemma Ní Chionnaith sa tóir ar bhainisteoirí agus ar imreoirí ó cheann ceann na tíre le hiad a chur faoi agallamh agus a gcuid tuairimí a fháil faoi chúrsaí craoibhe.

Dara Ó Cinnéide

 

Bean an Tí sa Chistin

Sa tsraith nua seo, glacann mná tí Gaeltachta páirt i gcomórtas cócaireachta gach seachtain. Bíonn orthu dinnéar agus milseog a réiteach agus ansin, blaiseann cúpla Gaeilgeoir iad agus caitheann siad vóta ar son na mbéilí is fearr leo.

Cibé bean an tí a roghnaíonn siad, beidh deis aici sin leanúint ar aghhaidh go dtí an chéad bhabhta eile den chomórtas. Is é atá mar dhuais ag an mbuaiteoir sa deireadh, cúrsa cócaireachta i scoil cócaireachta Bhaile Uí Mhaolmhuaidh.

_______________________________________________

 

Raidió na Gaeltachta (92.2 FM)

Agallamh na Seachtaine

Sraith agallamh atá sa chlár nua seo, a chraoltar ar an Domhnach óna ceathrú tar éis a haon go dtí a dó a chlog um thráthnóna.

Bíonn agallóir difriúil ann gach seachtain, ina measc, Séamus Mac Géidigh, Jeaic Ó Muircheartaigh, Mairéad Uí Chuaig agus Dónall Ó Braonáin. Ar na haíonna a cuireadh faoi agallamh go dtí seo, tá Dáibhí Ó Cróinín, Trevor Ó Clochartaigh, agus Noel Ó Gallchóir.

Táthar ag súil go mbeidh na cláracha seo ar fáil i bhfoirm phodchraolta amach anseo.

Agallamh na Seachtaine, Dé Domhnaigh, 1.15 pm - 2.00 pm.

Rogha an Lae

Súil siar ar scéalta an lae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig.

Rogha an Lae, Luan go hAoine, 8.30 pm - 9.00 pm.

 

 

 

 

 

Last Updated: Tuesday June 07 2011

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright