FÁILTE
Fáilte romhat chuig leathanach Oifig na Gaeilge, Coláiste Phádraig. Gheobhaidh tú eolas anseo faoi imeachtaí sóisialta agus foghlama a bhaineann leis an nGaeilge, mar aon le gnéithe riaracháin eile agus eolas ar chúrsaí a bhaineann leis an teanga i gcoitinne.
Féachtar le timpeallacht dhátheangach a chothú i gColáiste Phádraig agus, chuige sin, oibríonn Oifigeach na Gaeilge i gcomhar le Coiste na Gaeilge chun clár gníomhaíochta a chur i bhfeidhm sa Choláiste.
Cuireann na gníomhaíochtaí sin ar chumas na mball foirne a gcuid gnó gairmiúil agus acadúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, más é sin is rogha leo.
Ar na naisc atá anseo, tá leathanach ann dar teideal Léitheoireacht na Gaeilge, áit ar féidir eolas a fháil ar na leabhair Ghaeilge is deireanaí atá tagtha ar an saol agus léirmheas orthu a léamh.
Más duine thú ar spéis leat cláir Ghaeilge, ní bheidh ganntanas eolais ort anseo! Is in Agallamh na Míosa a dhéantar duine a bhfuil baint aige le saol na Gaeilge ar shlí éigin a chur faoi agallamh. Agus tá flúirse nasc eile ann freisin chuig institiúidí Gaeilge eile.
Mar fhocal scoir, tá ceangal faoi leith idir an Ghaeilge agus Coláiste Phádraig a théann siar blianta fada agus traidisiún láidir buan dobhriste ag gabháil leis dá réir. Maireann an traidisiún sin i gcónaí.
Caoimhín Ó hIcí, Oifigeach Gaeilge Choláiste Phádraig
Last Updated: Monday September 28 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

