Gníomhaíochtaí agus Seirbhísí: Athbhreithniú Feabhais
Féinmheasúnú
In Earrach na bliana a thosaítear próiseas an athbhreithnithe. Buaileann an Stiúrthóir um Chothú Feabhais leis an gCeann Roinne chun tús a chur leis an bpróiseas agus chun doiceaméadú tacaíochta a chur ar fáil. Cuirtear an próiseas i láthair chuig an roinn go léir chomh luath agus is féidir le haghaidh plé. Más iomchuí a leithéid, cuirtear fochoiste ar bun chun an próiseas athbhreithnithe a stiúradh. Déantar sceideal ansin ag léiriú na ngníomhaíochtaí a rachfar ina mbun mar chuid den athbhreithniú maraon le tráthchlár le haghaidh imeachtaí. Aithnítear na modheolaíochtaí le haghaidh féinathbhreithniú, ag fostú gach páirtí leasmhar; deartar agus riartar iad seo. Dréachtar an tuarascáil féinmheasúnaithe agus cuirtear faoi bhráid an Stiúrthóra um Chothú Feabhais í aon mhí amháin ar a laghad roimh chuairt an ghrúpa piar-athbhreithnithe.
Is é is cuspóir leis a bhféinmheasúnú an t-aonad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a aidhmeanna agus chun anailís a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dtéitear ina mbun d’fhonn na haidhmeanna sin a bhaint amach. Cabhraíonn an tuarascáil le hanailís agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmeanna, ar sheirbhísí agus ar chur i gcrích an aonaid ó pheirspictíocht fhoireann an aonaid agus úsáideoirí na seirbhíse de.
Tugann an tuarascáil eolas cúlra faoin aonad don ghrúpa piar-athbhreithnithe a chuireann ar a chumas ullmhú le haghaidh na cuairte ar an láthair chomh maith leis na sonraí go léir a sholáthar a bheadh riachtanach do chur le chéile thuarscáil an ghrúpa phiar-athbhreithnithe. Cuireann an tAonad um Chothú Feabhais teimpléad le haghaidh na tuarascála ar fáil don dá aonad.
Chun breathnú ar na na templéid don tuarascáil féinmheasúnaithe a d’úsáid Roinn an Oideachais agus Aonad Riaracháin an Oideachais sa chéad athbhreithniú feabhais a rinneadh sa Choláiste i 2003, gliogáil na nascanna thuas.
Féach freisin:
Last Updated: Thursday September 21 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

