Gníomhaíochtaí agus Seirbhísí
Tá coinníoll i bPlean Straitéiseach Choláiste Phádraig (2000) go bhforbródh gach roinn agus gach aonad plean forbartha a mbeidh san áireamh ann, i measc nithe eile, plean gníomhaíochta le haghaidh feabhas a chur ar réimsí éagsúla ina bhfuil san áireamh teagasc, foghlaim agus taighde. Ó ceapadh an stiúrthóir um Chothú Feabhais, táthar ag leagan béime ar an athbhreithniú cothaithe feabhais mar phríomhshlí chun dearbhú feabhais agus feabhsú caighdeáin a chur i gcrích sa Choláiste.
Leanann nós imeachta an Choláiste le haghaidh cothaithe feabhais comhairle Chreat le hAghaidh Feabhais in Ollscoileanna Éireann (2003). Mar atá leagtha síos sa Chreat, “…Is é cuspóir phróiseas an dearbhaithe feabhais agus an fheabhsaithe caighdeáin… cultúr an fheabhais a chothú agus a chur chun cinn i ngach gníomhaíocht …” (l.14). Freisin leanann nós imeachta an Choláiste na cleachtais agus na nósanna imeachta in Ollscoil Chathair Átha Cliath.
Cosúil le coláistí eile, tá trí mhórchéim ag nósanna imeachta an Choláiste – féinbhainistiú, piar-athbhreithniú agus iarbheartais.
Tá curtha chun cinn ag an gCoiste um Chothú Feabhais ina ghnó le ranna agus le haonaid eochairphrionsabail cosúil le húinéireacht, bheith istigh agus féinspleáchas.
Tá an chéad chúrsa den athbhreithniú feabhais díreach tar éis críochnú. I bhFeabhra 2003, thosaigh Roinn an Oideachais agus Aonad Riaracháin an Oideachais próiseas an athbhreithnithe feabhais.
Próiseas an Athbhreithnithe Feabhais:
Mar seo a leanas atá an próiseas measúnaithe do ranna acadúla agus d’aonaid seirbhíse/tacaíochta araon –
Tá cáipéis dréachtaithe ag an Aonad um Chothú Feabhais chun cabhrú le Ranna agus le haonaid tús a chur le gnó an Athbhreithnithe Feabhais. Chun an chaipéis sin a fheiceáil, gliogáil anseo.
Last Updated: Thursday September 21 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

