Eolas Fúinn - Tearmaí Tagartha
Téarmaí Tagartha an Choiste um Chothú Feabhais
1. Spiorad an fhéinathbhreithnithe agus an fheabhsaithe caighdeáin ar bhonn leanúnach a chur chun cinn, d’fhonn feabhas a chur ar eispéireas na mac léinn agus na foirne.
2. Moltaí a dhéanamh agus comhairle a chur ar an gCoiste Bainistíochta agus ar an gComhairle Acadúil (de réir mar is cuí) faoi pholasaithe um dhearbhú caighdeáin agus feabhasaithe, ag éirí as freagrachtaí an Choláiste agus na hOllscoile faoi Acht na nOllscoileanna (1997); agus ag éirí as na coinníollacha a leagtar síos ag gníomhaireachtaí cosúil leis an Údarás um Ard-Oideachais a mbíonn an feabhas san ardoideachas ma chuid dá chúram.
3. Comhairle a chur ar an gComhairle Acadúil agus Bainistíochta faoi bhunú chreat prionsabal, polasaithe agus sárchleachtais le haghaidh an fheabhais sa teagasc, sa taighde agus sa riarachán.
4. Oibriú i gcomhar leis an Aonad un Chothú Feabhais, le comhlachtaí agus le hoifigigh iomchuí eile san Ollscoil.
5. A bheith eolach ar na forbairtí is déanaí i réimse an dearbhaithe feabhais/feabhsaithe caighdeáin agus eolas a sheachadadh faoin chleachtas is fearr go náisiúnta agus go hidirnásiúnta.
6. Cabhrú le Ranna agus le haonaid chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh orthu féin agus le feabhsú caighdeáin.
7. Dul i gcomhairle, de réir mar is iomchuí, le foireann an Choláiste agus le mic léinn maidir le cothú feabais.
8. Athbhreithniú a dhéanamh ar na slite ina ndéantar feabhas a dhearbhú ag leibhéal institiúideach agus ag leibhéal Roinne nó aonaid; comhairle a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí, agus cinntiú go mbeidh cros-shíolrú maidir le taithí agus le nósanna imeachta ar fud an Choláiste agus na hOllscoile.
9. Moltaí a dhéanamh don Choiste Bainistíochta faoi mhaoiniú a chur ar fáil chun tacú leis na beartais fheabhsaithe caighdeáin a mholtar ag grúpaí piar-athbhreithnithe i dtuarascálacha na Rann agus na nAonad, agus maoirseacht a dhéanamh ar rathúlacht na mbeartas a mhaoinítear.
10. Tacú le cothromaíocht ó thaobh seansanna agus ó thaobh torthaí de agus feabhas a chur ar eispéireas na mac léinn agus na foirne sa Choláiste.
11. Tuarascsáil bhliantúil a chur ar fáil don Choiste Stiúrtha agus don Chomhairle Acadúil.
12. Athbhreithniú a dhéanamh agus, taobh istigh de shé mhí, moltaí a dhéanamh maidir leis an struchtúr tuairiscithe is oiriúnaí le haghaidh an Stiúthóra un Chothú Feabhais.
13. Athbhreithniú, agus mar a mbíonn gá, leasuithe ar na téarmaí tagartha seo a mholadh ó am go ham.
Last Updated: Thursday September 21 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

