St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Ag Cur Léann na Gaeilge Chun Cinn i Lár na hEorpa

Bhí Rhona Ní Chearbhaill agus Daithí Mac Fhlaithimh, beirt mhac léinn PhD ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, i láthair ag comhdháil iarchéime idirnáisiúnta ar Léann na hÉireann in Ollscoil Sheárlais, Prág, Poblacht na Seice, idir an 16 agus an 17 Meán Fomhair. Thugadar beirt cainteanna uathu bunaithe ar a gcuid taighde PhD anseo sa Choláiste faoi stiúir an Ollamh Máirín Nic Eoin. Ba é seo an chéad phainéal Gaeilge riamh san ollscoil, agus bhí Seiceach, Hynek Janousek, mar an tríú cainteoir.

Comhdháil iarchéime idirnáisiúnta ar léann na hÉireann in Ollscoil Sheárlais, Prág

 

Chun tosaigh: Hynek Janousek, Daithí Mac Fhlaithimh, Rhona Ní Chearbhaill; Ar chúl: Pádraig Ó Liatháin, Radvan Markus

 

 

 

Bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin i láthair ag an bpaineál, agus is ball seachtrach é fós ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Sheárlais. I láthair ag an gcomhdháil  freisin bhí Radvan Markus, fear a bhfuil L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc (iarmhac léinn de chuid an Choláiste seo) aistrithe go Seicis aige, agus Daniela Furthnerová, scoláire a d’aistrigh Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire ó Ghaeilge go Seicis freisin.

Promoting Irish language scholarship in Central Europe

In addition to other students from Ireland, Britain, Central and Eastern Europe and the United States, Rhona Ní Chearbhaill and Daithí Mac Fhlaithimh, two PhD students from Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, attended an international Irish Studies conference in Charles University, Prague, in the Czech Republic on the 16th and 17th of September.  Their papers were based on their PhD research in the College under the supervision of An tOllamh Máirín Nic Eoin. This was the first Irish language panel ever to take place in Prague, and a Czech student, Hynek Janousek, was the third speaker.

Dr Pádraig Ó Liatháin, Roinn na Gaeilge, was also in attendance, as he is an external member of the Centre for Irish Studies in Charles University.  Also at the conference were Radvan Markus, who has translated the Irish language novel L’Attaque by Eoghan Ó Tuairisc (a former student of Coláiste Phádraig in the 1940’s) into Czech, as well as Daniela Furthnerová, who translated Deoraíocht by Pádraic Ó Conaire from Irish into Czech.

 

 

Last Updated: Wednesday September 28 2011

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright