Aiséirí Requiem
Sraith dánta le dealramh leis an Dr. Ciarán Ó Coigligh, Roinn na Gaeilge, atá in ‘Aiséirí Requeim’. Agus é seolta i Mí na Nollag, 2006, tháinig ‘Aiséirí’ ar an saol nuair a iarradh ar an Dr. Ó Coigligh freagra fileata a thabhairt ar ‘Requiem’, taispeántas ealaíne agus ábhar suiteála leis an ealaíontóir Eoin Mac Lochlainn a cuireadh ar siúl i bPriosún Chill Mhaighneann le linn Shamhradh na bliana 2005. Lonnaíodh an saothar ina iomláine i 24 chillín i Sciathán Thoir an Phriosúin - saothar nach raibh le feiscint ach trí phoill faire na nGardaí. Cuartú ba ea é, cuartú a bhain le ceisteanna ionannais, idéalachais agus uafáis i gcomhthéacs an fichiú haois. Iarracht a bhí ann, chomh maith, dul i ngleic leis an suaiteacht a bhí ann san am atá imithe tharainn, agus tús a chur leis an teacht chuige dá réir.
Aiséirí Requiem - Ciarán Ó Coighligh & Eoin Mac Lochainn (Cló Chaisil, 2006)
ISBN 0953363562
Last Updated: Wednesday February 21 2007
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

