An tOllamh Alan Titley agus An tOllamh Liam MacMathúna
Ceiliúradh ócáid stairiúil i saol Choláiste Phádraig ag cóisir oíche Dé hAoine seo caite chun comhghairdeas a dhéanamh le beirt bhall foirne atá ag imeacht as an gColáiste. Ceapadh an Dr Liam Mac Mathúna ina Ollamh agus ina Cheann ar Scoil an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta i gColáiste na hOllscoile, BÁC i rith an tsamhraidh. I dtaca an ama chéanna ceapadh an Dr Alan Titley mar Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is aitheantas an-phoiblí é seo do sheasamh agus do ghaisce na beirte seo i saol an léinn, agus go hindíreach, do shaothar an Choláiste seo. Tá breis agus 60 bliain seirbhíse idir eatarthu ar fhoireann Choláiste Phádraig. Le linn na cóisire, rinne Breandan Ó Conaire (Roinn na Gaeilge) agus an Dr Pauric Travers (Uachtarán an Choláiste) comóradh cuí orthu. Tugadh bronntanais dóibh thar ceann an Choláiste agus a gcuid comhghleacaithe mar chomhartha comhghairdis agus dea-mhéine. Guímid gach rath orthu agus iad ar thairseach a saoil nua.

Last Updated: Monday October 23 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

