An Dara Céim De Thionscadal Náisiúnta Siollabais Don Ghaeilge Ar An Tríú Leibhéal Seolta
Sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey T.D., an dara céim de thionscadal náisiúnta siollabais don Ghaeilge ar an tríú leibhéal anseo i gColáiste Phádraig, tráthnóna Dé Luain, 6 Meán Fómhair.
An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ranna Gaeilge in ollscoileanna agus in institiúidí eile tríú leibhéal thuaidh agus theas, atá i mbun an tionscadail seo, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá fiche coláiste ar fad rannpháirteach sa Mheitheal, a bunaíodh sa bhliain 2008, agus tá an tOll. Máirín Nic Eoin ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach agus an Dr. John Walsh ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina gComhstiúrthóirí ar an tionscadal.
Agus Siollabas Nua an Dara Bliain á sheoladh ag an Aire, mhol sé obair na Meithle go hard: ‘Nuair a fhéachaim ar an obair atá déanta ar an togra seo ó 2008, ritheann rudaí éagsúla liom. An cheannródaíocht a bhaineann leis. An phleanáil a bhí i gceist. An tsamhlaíocht atá ann. An ghairmiúlacht agus an saineolas ar léir iad i ngach aon ghné den obair. Agus thar aon rud eile, an comhoibriú iontach atá taobh thiar de.’ Luaigh an tUasal Carey tábhacht an tSiollabais Nua i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bheidh á fhoilsiú ag an rialtas go luath: ‘Is sampla é an togra seo atá á sheoladh inniu den mhéid is féidir a bhaint amach ach an cur chuige a bheith ceart.’
Is go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; agus ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.
Last Updated: Wednesday September 08 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

