An Chéad duais i gcomhair dán Gaeilge
Is é an Dr Ciarán Ó Coigligh (Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig) a ghnóthaigh an chéad duais i gcomhair dán Gaeilge i gComórtas Filíochta Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí 2011. Is í an duais seo ar fiú 4000 euro í an duais is gnaíúla sa domhan i gcomhair dán aonair. Fógraíodh an dea-scéal Dé Sathairn, 30 Aibreán le linn an Deireadh Seachtaine Filíochta a bhí ar siúl i dTeach Pháirc Bhéal Átha na mBuillí. Léigh Ciarán riar dánta as na cnuasaigh is nua dá chuid, 'Zein na Gaeilge' agus 'Filíocht an Reatha The Poetry of Running' agus léigh sé freisin dán as 'Dánta Eoin Pól II', an tiontú a rinne sé ar fhilíocht an Phápa Eoin Pól II. Léigh sé a dhuais-iarracht, 'Turas na gCros', ag Bronnadh na nDuaiseanna agus léigh sé an athuair é thar éis dó an duais a ghlacadh.
Dr Ciarán Ó Coigligh (Roinn na Gaeilge, St Patrick's College) has been awarded First Prize for a poem in Irish in the Strokestown International Poetry Competition 2011. The prize of 4000 euro is the most generous prize on offer anywhere in the world for one poem. The announcement was made on Saturday, April 30th during the course of the Poetry Weekend which was held in Strokestown Park House. Ciarán read a number of poems from his recent collections, 'Zein na Gaeilge' and 'Filíocht an Reatha The Poetry of Running' as well as a poem from his translation of the poetry of John Paul II, 'Dánta Eoin Pól II'. He read his prize-winning poem, 'Turas na gCros' at the Prsentation of Awards and re-read it on accepting the prize.
Last Updated: Wednesday May 04 2011
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

