Gabriel Rosenstock i gColáiste Phádraig
“AG SMAOINEAMH IS AG SCRÍOBH LASMUIGH DEN BHOSCA ANGLA-MHEIRICEÁNACH”
Fuair mic léinn na Gaeilge spleáchadh ar shaol eile agus ar mhodhanna eile machnaimh nuair a labhair an file aitheanta Gabriel Rosenstock leo i gColáiste Phádraig ar an 9ú Márta. Bhí Gabriel mar aoi-chainteoir de chuid an chúrsa An Focal Beo, sraith ceardlanna cruthaitheachta atá ar bun ag mic léinn B.A. Bhí deis ag cuid de na mic léinn páirt a ghlacadh i gceardlanna cumadóireachta leis an bhfile i gcaitheamh na seachtaine. Bhí idir lón machnaimh agus lón anama in aitheasc dúshlánach Rosenstock mar ar áitigh sé go raibh muintir an Iarthair faoi chuingir ag modhanna machnaimh arbh é an caipitlíochas a ghin iad.
Tharrraing Rosenstock ar dhánta ó chultúir éagsúla an Domhain thiar agus an Domhain thoir chun slí a dhéanamh do bhealaí eile smaointeoireachta agus tabhairt faoi deara. Bhí gá le "dífhoghlaim " chomh maith le foghlaim, a dúirt sé. Mhol sé do mhic léinn blaiseadh de shaibhreas na gcultúr eile seo agus léigh a leaganacha Gaeilge féin de dhánta de chuid an phobail Ionúitigh agus saothar a cheap filí éagsúla Oirthearacha. Tá imleabhar a dó den chnuasach a dhein Rosenstock féin de chuid de na dánta seo, Guthanna Beannaithe an Domhain, díreach eisithe ag Coiscéim. Bhéimnigh an file an gá a bhíonn le "deis anála" a thabhairt do dhánta seachas a bheith ag déanamh síoranailíse orthu agus luaigh go bhféadfaí é seo a bhaint amach ar iliomad slite. D'fhéadfaí tionlacan ceoil nó rince a chur le haithris dánta, mar shampla. Mheabhraigh an file don slua go mbíonn "gach rud ag damhsa" agus gur nuair a stopann an damhsa ar feadh soicind a fhaightear léargas na síoraíochta.
Last Updated: Thursday March 11 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

