St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

'Cearta Daonna Faoi Bhagairt' - Caint Ó Bhrian Ó Ruadháin, Amnesty International

Thug Brian Ó Ruadháin (Brian Ruane) ó Amnesty International cuairt ar mhic léinn B.A. na tríú bliana atá ag gabháil do chúrsa Gaeilge Cúrsaí Reatha agus Poiblí le caint a thabhairt dóibh faoi chearta daonna atá i mbaol sa domhan. Grúpa beag a bhí i láthair le cluas a thabhairt do.

Bhain Brian an ceann den gcaint le léirmhíniú ar cad is cearta daonna ann agus le cúlra an Dhearbhaithe na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (1948) a shainiú do na mic léinn. Eagraíocht domhanda is ea Amnesty atá neamhspléach ar pháirtithe polaitíochta. Rinne Brian coincheapa na ‘gcearta’agus na ‘bhfábhar’ a mhionscagadh i dtús báire. Chuig na cearta daonna a chosaint agus a mhúscailt in intinn an phobail atá Amnesty, a mbíonn a súil amuigh aici le haghaidh sáraithe ar chearta daonna. Baineann na sáraithe seo go formhór le cearta bunreachtúla na saoirse, na cainte, na coinsiasa agus na tionóla. Ar thíortha faoi leith agus ar ábhair faoi leith a bhíonn Amnesty ag díriú. Cuir i gcás, i measc na tíortha is airde bagairt faoi láthair tá Neipeal, An Bhelarúis, Meicsiceo, An tSiombáib, Poblacht Dhaonlathach na Congó, An Iosrael agus An Phalaistín, agus an Iaráic. I measc na gceisteanna is mó is cionsiocair leis na leithcheala agus na sáraithe a tharlaíonn tá díolachán na n-arm. Is inspéise go maith, a luaigh sé, gurbh í Eleanor Roosevelt ceann de na daoine is mó a bhí taobh thiar den nDearbhú réamhluaite sin atá mar bhunchloch obair Amnesty. Shonraigh sé an obair a bhíonn idir chamáin ag baill Amnesty ar fud na cruinne, agus gur minic a scaoiltear príosúnaigh choinsiasa saor trí bhithín na litreacha feachtais a sheolann na baill na heagraíochta.

Tá Brian Ruane fostaithe mar Bhainisteoir Oideachais um Chearta Daonna le Amnesty. Ag plé le daltaí meánscoile don chuid is mó a bhíonn sé agus é i mbun a chuid oibre. Bhí sé ag obair leis an eagraíocht Trócaire tamall dá raibh, agus chaith sé seal ina mhúinteoir bunscoile chomh maith. Tá coinneal Amnesty, an ‘Lasair Shonraí’, le feiscint in aice le Teach an Chustaim i lár Bhaile Átha Cliath. Áithnítear mar chomhartha dóchais, cirt agus saoirse í.

Sorcha de Brún

 

Last Updated: Thursday September 21 2006

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright