St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Ollúnacht Uí Chriagáin bronnta ar an Dr Máirín Nic Eoin

Máirín NicEoin, Ceann Roinn na Gaeilge

Tá Údarás Ceannais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis Ollúnacht Uí Chriagáin a bhronnadh ar an Dr Máirín Nic Eoin.

Bronntar na hOllúnachtaí seo - a bhfuil stádas iomlán Cathaoireach Ollscoile ag roinnt leo - ar bhaill foirne de chuid Choláiste Phádraig a bhfuil saothar as an ngnách déanta acu ó thaobh múinteoireachta, scoláireachta agus seirbhíse de.

Is Príomhléachtóir sna Daonnachtaí í an tOllamh Nic Eoin agus is í Ceann Roinn na Gaeilge í. Tá lear mór leabhar foilsithe aici agus iad molta go hard na spéire. Bronnadh duais liteartha de chuid an Irish Times ar B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (1998) sa bhliain 1999.

Scríobh sí Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (2005) agus í ag gabháil do Chomhaltacht Taighde Rialtas na hÉireann, áit ar tugadh aitheantas foirmiúil dá saothar agus don tábhacht a ghabhann leis ó thaobh scoláireacht liteartha na hÉireann de.

Tá an tOllamh Nic Eoin ina comhstiúrthóir ar An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, tionscadal teanga a ndeachthas ina bhun i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, ach atá lonnaithe i gColáiste Phádraig.

Ceapadh ina ball foirne sa Choláiste í i 1981. Is léachtóir éirimiúil í a bhfuil buanna ar leith aici agus, lena chois sin, is scoláire den scoth í atá tar éis cur go mór le hobair an Choláiste.

Cregan Professorship for Dr Máirín NicEoin

The Governing Authority of Dublin City University has awarded a Cregan Professorship to Dr Máirín NicEoin. These professorships which have the status of full personal Chairs of the University acknowledge outstanding achievement in teaching, scholarship and service by staff of St Patrick’s College.

An tOllamh NicEoin is a Principal Lecturer in Humanities and Head of the Irish Department in the College.  She has published extensively to widespread critical acclaim.  B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (1998) was awarded an Irish Times Literary Award in 1999.  Her most recent book, Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (2005) was written while Dr NicEoin was on an IRCHSS Government of Ireland Senior Research Fellowship, an academic award which gave formal recognition to the importance of her contribution to Irish literary scholarship.  An tOllamh NicEoin is also co-director of An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, a collaborative language project with NUI Galway, based in St Patrick’s College.

Appointed to the staff of the College in 1981, Máirín is a gifted lecturer and an outstanding scholar, who has made a significant contribution to the work of the College.

 

 

 

Last Updated: Thursday August 19 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright