Cuairt Mháiréad Ní Fhlatharta
A Dhónaill Óig, má théann tú ‘un farraige.
Tabhair mé féin leat is ná déan mé ‘dhearmad;
Gheobhaidh tú féirín lá aonaigh is margaidh,
Is iníon Rí Gréige mar chéile leapa leat.
Mar sin chéad rann an amhráin ghrá ‘Dónall Óg’ a dúirt an t-amhránaí clúiteach Máiréad Ní Fhlatharta, agus í i mbun ceoil sa Seomra Caidrimh inniu mar chuid de Sheisiún Amhránaíochta Lá le Vailintín. Achainí bhrónach atá i ‘Dónall Óg’ ar a bhfuil an tnúthán thar cuimse tríd síos, agus a thugann an grá mór le fios. Ach is amhlaidh nach ar fharraigí an uaignis ná ar thír allúrach na Gréige a bhí an slua ag cuimhneamh, ach ar an gcuileachta agus ar an gcomhluadar a bhí sa Seomra Caidrimh Dé Céadaoin Lá le Vailintín seo caite. Agus is amhlaidh, leis, nach ar ghalar an ghrá a bhíothas ag smaoineamh, ná ar an ‘dearmad’ a ghabhann leis an tinneas sin, ach ar an ngrá don amhránaíocht agus don cheol, an ceol céanna ar féidir leis an tinneas a ghin é a bhréagnú le barr áthais. Ba dheas an teacht le chéile é. Mar aoi speisialta a bhí Máiréad, an seisiún eagraithe ag Roinn na Gaeilge. Amhráin eile a dúirt Máiréad ná ‘Eleanor A Rún’ agus ‘A Neainsí Bhán’. Bhí amhránaithe eile i dteannta Mháiréad, gan amhras. Amhránaithe ón gColáiste a bhí ann: Antaine Ó Faracháin, Eibhlín Uí Bhriain, Cian Kearns agus Máire Ní Bhaoill. Teagascóirí le Roinn na Gaeilge is ea Antaine agus Eibhlín beirt, agus ainm orthu araon mar amhránaithe cruthanta. Mac léinn de chuid Choláiste Phádraig is ea Cian. Agus amhránaí agus ceoltóir is ea Máire, í ag obair i Rannóg Theagasc na Gaeilge i Roinn Oideachas an Choláiste. Amhrán an duine a dúirt lucht an Choláiste. Ba é bun agus bun agus barr na hócáide ná na hAmhráin Ghrá féin - an tacar sin faoi leith d’amhráin a mhaireann i gcónaí i dtraidisiún na hamhránaíochta Gaeilge, agus a thagraíonn siar do choincheapa amour courtois na Fraince, agus a ardaíonn an grá agus an grá geal go leibhéal nach bhfacthas go dtí sin. Mar a thugann focail ‘Dónall Óg’ féin le fios, más ann do ghalar an ghrá, is ann don ‘lá aonaigh’ agus don la ‘margaidh’, leis: agus ba é féirín an tseisiúin áirithe aonaigh seo Lá le Vailintín seo caite sa Seomra Caidrimh ná bua an cheoil agus na n-amhrán grá agus, sa deireadh thiar thall, bua amhránaíocht Mháiréad Ní Fhlatharta.
Last Updated: Wednesday February 21 2007
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

