St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Díolaim nua litríochta ar scéal na himirce

Aisling Ní Dhonnchadha & Máirín Nic Eoin Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Cló Iar-Chonnachta, 2008)

Ar an gCoigrioch Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirceCinniúint thragóideach nó cinneadh dóchasach? Díbirt dhosheachanta nó fuascailt ón daoirse? Is iomaí dearcadh a léiríodh ar an imirce Éireannach thar na blianta, agus is éard atá sa leabhar seo ná díolaim ilghnéitheach a léiríonn mórshaibhreas litríocht na Gaeilge mar shainfhoinse eolais agus tuisceana ar scéal na himirce ó aimsir an Ghorta i leith.  Tá na scéalta pearsanta a mbeifeá ag súil leo anseo, scéalta Mhicí Mhic Gabhann agus Dhónaill Mhic Amhlaigh, ach tá, chomh maith leis sin, léirithe dírbheathaisnéiseacha agus ficseanúla ó raidhse údar eile, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna agus Máirtín Ó Cadhain ina measc. Is é mórluach an leabhair ná an chaoi a dtugann sé insintí éagsúla le chéile chun ilghnéitheacht scéal na himirce a léiriú trí shúile phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Chomh maith leis an ábhar féin, tá réamhrá léirmhínitheach na ndíolamóirí, réamhaiste staire le hUachtarán Choláiste Phádraig, Dr Pádraig Ó Treabhair, agus liosta luachmhar foinsí agus ábhar tagartha.

New anthology of Irish emigration literature

Cló Iar-Chonnachta have published this new anthology of emigration literature compiled by Aisling Ní Dhonnchadha, Senior Lecturer in the Department of Modern Irish, NUI Maynooth, and Máirín Nic Eoin, Head of the Irish Department in St Patrick’s College, Drumcondra.  The diverse selection in this anthology demonstrates the importance of Irish-language literature as a unique source of information and insight into the various aspects of Irish emigration from the post-famine period to the present day.  One will find the well-known voices of emigration here, the personal stores of Micí Mac Gabhann and Dónall Mac Amhlaigh, for example, but one will also find autobiographical and fictional depictions from a wide range of other authors, including Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna and Máirtín Ó Cadhain.  The true value of the book lies in the manner in which diverse emigrant experiences are represented from the perspective of Irish-speaking and Gaeltacht communities.

ISBN 978-1-905560-25-7

 

 

 

 

Last Updated: Wednesday September 24 2008

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright