St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Duaiseanna Oireachtais do Sheán Ó Dubhchon, Mac Léinn BOid i gColáiste Phádraig

Na duaiseoirí óga: Seán Ó Dubhchon (Coláíste Phádraig, Droim Conrach), Órla Ní Chuilleanáin (UCD) agus Pádraig Mac Congáil (Ollscoil na Banríona)

Fógraíodh duaiseanna liteartha an Oireachtais 2010 le gairid, ag ócáid i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh Seán Ó Dubhchon, mac léinn BOid i gColáiste Phádraig, trí dhuais sna comórtais do scríbhneoirí faoi bhun 21 bliain d’aois: duais do scéal, do dhán agus d’amhrán. Is gradam mór do scríbhneoir óg duais a bhaint amach sna comórtais náisiúnta seo agus beidh éachtaí Sheáin ina spreagadh mór do mhic léinn an Choláiste atá ag treabhadh i ngort na scríbhneoireachta cruthaithí.

Bhí Seán ina chomheagarthóir ar iris na mac léinn, Scáthán 2010, agus bhuaigh sé duais a bhí urraithe ag Cló Iar-Chonnacht níos luaithe i mbliana do scéal leis a foilsíodh san iris sin. Foilsíodh dán leis freisin san eagrán reatha den iris Comhar, eagrán na Scríbhneoirí Úra.

The results of the annual Oireachtas literary competitions which were announced at an event in Dublin recently included Seán Ó Dubhchon, a third year B Ed student in St Patrick’s College, won prizes in the under-21 category in three competitions: story, poetry and song.

Seán was one of the co-editors of the student magazine, Scáthán 2010, and earlier this year he won a prize sponsored by publishers Cló Iar-Chonnacht, for a story published in the magazine. His poem ‘Deora Dhún na nGall’, about the tragic death of seven young Donegal men in Inishowen in July, was published in the September edition of the literary magazine Comhar, an edition guest-edited by Ríona Nic Congáil and devoted to the work of young and emerging Irish-language writers.       

 

 

 

 

Last Updated: Friday October 01 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright