Fáiltítear roimh an leabhair fhiolsiú Aistriú Éireann
Fáiltítear roimh fhoilsiú an leabhair Aistriú Éireann (Cló Ollscoil na Banríona, 2008), cnuasach aistí ar an aistriúchán liteartha atá curtha in eagar ag an Dr Charlie Dillon, Ollscoil na Banríona, agus an Dr Rióna Ní Fhrighil, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig.
Is éard atá sa leabhar ná cnuasach d’aistí scolártha ina gcíortar réimse leathan de stair agus de chleachtas an aistriúcháin liteartha in Éirinn. Mar a dúirt an Dr Nollaig Mac Congáil agus an leabhar á sheoladh aige ag an gComhdháil ‘Litríocht agus Cultúr na Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an deireadh seachtaine seo caite, is é seo an chéad leabhar dá chineál a foilsíodh i nGaeilge agus díreoidh sé aird an phobail acadúil ar ghort an aistriúcháin mar réimse tábhachtach staidéir agus taighde. Tá aistí sa leabhar le scoláirí ó naoi n-institiúid léinn, agus cuimsíonn an t-ábhar aistriúcháin liteartha ón ochtú haois déag ar aghaidh. I measc na scríbhneoirí tá Róisín Ní Ghairbhí, Gearóidín Uí Laighléis agus Rióna Ní Fhrighil féin, ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, agus scríobh an tOllamh Michael Cronin, ceannródaí i réimse Staidéar an Aistriúcháin in Éirinn agus ball de ‘Foras Feasa’ an Brollach.
Aistriú Éireann (Cló Ollscoil na Banríona, 2008), edited by Dr Charlie Dillon, Queen’s University Belfast and Dr Rióna Ní Fhrighil, Irish Department, St Patrick’s College, was formally launched on Saturday 18 October by Dr Nollaig Mac Congáil at Scoil na Gaeilge NUI Galway’s annual conference ‘Litríocht agus Cultúr na Gaeilge’. The book is a collection of essays on the subject of literary translation, focussing on various aspects of translation to and from Irish from the eighteenth century onwards. Dr Mac Congáil referred in his address to the path-breaking nature of the material, this book being the first collection of essays in Irish to address the importance for Irish-language studies of translation theory and the development of suitable critical approaches to translation issues. Scholars from nine different institutions contributed to the volume, among them being Róisín Ní Ghairbhí, Gearóidín Uí Laighléis and Rióna Ní Fhrighil of the Irish Department in St Patrick’s College, and Professor Michael Cronin, Foras Feasa member and Director of the Centre for Translation and Textual Studies in DCU, who wrote the Forward.
Last Updated: Wednesday October 22 2008
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

