Foilseachán nua le baill de Roinn na Gaeilge
Foilsíodh Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge (Cois Life, 2010), bailiúchán aistí critice ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge atá curtha in eagar ag an Dr Rióna Ní Fhrighil. Tugann údair na n-aistí léargas cuimsitheach ar shaothar filí éagsúla, ina measc Máire Mhac an tSaoi, Michael Hartnett, Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Gréagóir Ó Dúill agus Biddy Jenkinson. Rianaítear na príomhléamha critice a rinneadh ar an bhfilíocht seo go dtí seo agus foilsítear liosta de na príomhfhoinsí critice ag deireadh gach aiste. Tá an leabhar dírithe ar lucht teagaisc agus foghlama ar an tríú leibhéal. I measc na n-údar a bhfuil aistí leo sa chnuasach tá an Dr Ní Fhrighil, agus an Dr Róisín Ní Ghairbhí, an Dr Ciarán Mac Murchaidh agus an Dr Máirín Nic Eoin, ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig.
Last Updated: Thursday March 04 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

