St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Foilseachán Nua le Ríona Nic Congáil

'Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach' le Ríona Nic CongáilFoilsíodh Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach le Ríona Nic Congáil le déanaí. Is saothar nuálaíoch é seo, a dhéanann athbhreithniú ar an meon a spreag giniúint agus fás ghluaiseacht na hathbheochana in Éirinn ó aimsir an fin de siècle ar aghaidh. Trí staidéar beathaisnéiseach a dhéanamh ar Úna Ní Fhaircheallaigh, an bhean ba theanntásaí i saol na Gaeilge i rith na tréimhse sin, tugtar léargas úr ar thionchar na n-óg ar athbheochan na Gaeilge, agus déantar athléamh ar fheidhm agus ar thábhacht na mban sa ghluaiseacht úd, bíodh an litríocht, an spórt, cúrsaí léinn, cúrsaí polaitíochta, nó feachtais ar son na cothromaíochta inscne i gceist. Léirítear tionchar smaointeachas an útóipeachais - a raibh borradh faoi sa naoú haois déag – ar lucht na hathbheochana agus déantar scagadh ar an gcineál útóipeachais, mar atá, an fhís útóipeach Ghaelach, a ghríosaigh leasaitheoirí sóisialta an náisiúnachais chultúrtha chun cúl a thabhairt le stair ghránna an naoú haois déag agus chun malairt todhchaí a shamhlú agus a chur chun cinn in Éirinn san fhichiú haois.

Ghnóthaigh an leabhar seo duais do shaothar próis in Oireachtas na Bliana 2010, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge.

Ríona Nic Congáil’s book Úna Ní Fhaircheallaigh agus an Fhís Útóipeach Ghaelach has just been published by Arlen Press. The book is a critical biography of Úna Ní Fhaircheallaigh, cultural activist, academic, feminist and Utopian thinker and arguably the most significant woman in the Irish-language movement during the early years of the Revival. Her activities in the fields of literature, scholarship, sport, and politics are meticulously documented, including her campaigns for gender equality. The importance of women and children as cultural agents is foregrounded throughout the book. One of the chapters focusses on the ‘Irish Fireside Club’, a newspaper column for children initiated in 1887 in the Irish Fireside, which was to play a key role in the early development of many Gaelic League activists, including Ní Fhaircheallaigh.

Dr Ríona Nic Congáil is an IRCHSS Post-doctoral Fellow currently working in the Irish Department in St Patrick's College on a two-year research project: Early Children’s Literature in the Irish Language: an Archival, Critical and Cultural Project.

 

 

 

 

 

Last Updated: Thursday December 09 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright