Lón Anama ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin- Leabhar na Bliana / Lón Anama shortilisted for the Book of the Year Award - Gradam Uí Shúilleabháin
Lón Anama ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin- Leabhar na Bliana
Fógraíodh gearrliosta Chomórtais Liteartha an Oireachtais do Ghradam Uí Shúilleabháin – Leabhar na Bliana 2006 ag ócáid i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Máirt 5 Meán Fómhair. Roghnaíodh cúig leabhar as 43 a cuireadh isteach ar an gcomórtas. I measc na gcúig cinn a roghnaíodh don ghearrliosta áirítear Lón Anama atá in eagar ag an Dr Ciarán Mac Murchaidh, ar ball foirne de Roinn na Gaeilge sa Choláiste é. Is é Cois Life a d’fhoilsigh leabhar Chiaráin agus tá leabhar eile de chuid Chois Life luaite ar an ngearrliosta chomh maith, Hurlamaboc le hÉilís Ní Dhuibhne. Is iad na trí leabhar eile ar an liosta ná: Cín Lae Seangáin, gearrscéalta le Tomás Mac Síomóin a d’fhoilsigh Coiscéim, Gaschaint le hÚna Lawlor a d’fhoilsigh An Gúm agus Fontenoy le Liam Mac Cóil a d’fhoilsigh Leabhar Breac. Fógrófar an buaiteoir Dé hAoine 3 Samhain le linn Fhéile an Oireachtais i nDoire.
Lón Anama shortilisted for the Book of the Year Award - Gradam Uí Shúilleabháin
The shortlist for the Oireachtas na Gaeilge Irish Language Book of the Year Competition for Adults (Gradam Uí Shúilleabháin) was announced at a ceremony in The Mansion House in Dublin on Tuesday 5 September. Five books from a total of 43 entries were selected. Among the books shortlisted is Lón Anama, edited by Dr Ciarán Mac Murchaidh, staff member of Roinn na Gaeilge in the College. Cois Life are the publishers of this book and another on the shortlist, Hurlamaboc by Éilís Ní Dhuibhne. The other three works shortlisted are Cín Lae Seangáin, short stories by Tomás Mac Síomóin published by Coiscéim; Gaschaint le hÚna Lawlor published by An Gúm, and Fontenoy, an historical novel by Liam Mac Cóil published by Leabhar Breac. The winner will be announced on Friday 3 November at the Oireachtas Festival in Derry.
Last Updated: Thursday September 21 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

