Error processing SSI file
St. Patrick's College Logo
St.  Patrick's College Drumcondra Dublin 9
Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9
Error processing SSI file
Camogie match at St. Patrick's College Drumcondra
Error processing SSI file
Error processing SSI file
News & Events
News about St Patrick's College

 

LIP SERVICE

SCANNÁN GAEILGE  DÉ MÁIRT 24 EANÁIR                                            

Rinne idir mhic léinn agus an fhoireann freastal ar an dara gearrscannán Gaeilge sa Choláiste le deireanaí mar chuid den tsraith scannán Gaeilge atá á dtaispeáint i láthair na huaire. Tugann an gearrscannán Lip Service faoi cheann de na hábhair is mó a bhíonn faoi chaibidil ag lucht déanta na scannánaíochta. Scannán é seo a dhíríonn isteach ar mheánscoil agus, tar éis sin, ar bhuíon daltaí atá ag dul faoi scrúdú cainte Gaeilge na hardteiste, garsún amháin acu ach go háirithe atá ‘ar iarraidh’ maidin an scrúdaithe. Spíontar an scannán mórthimpeall ar a scéal siúd, ar lá cinniúnach an scrúdaithe cainte agus ar na freagraí áiféiseacha a thugann na mic léinn le barr díograis agus le heaspa suime ar cheisteanna an chigire.

Tá na ‘comhránna’ seo mar dhlúthchuid an scannáin, agus níl teora lena chruthathaí agus atá na daltaí rud ar bith a rá sa Ghaeilge. An rud is suntasaí faoin ngearrscannán seo  - ní mhaireann sé ach fiche nóiméad nó mar sin - ná go léiríonn sé tuairimí agus mothúcháin an chigire thuirsigh mar aon le taobhanna na ndaltaí agus na múinteoirí  i leith an scrúdaithe. Bíodh is go bhfuil an lá cinniúnach go maith do na daltaí, taibhsítear dúinn gur tábhachtaí fós é do chuid de na múinteoirí agus iad ag útamáil agus ag déanamh plámáis leis an gcigire. Ach tá an dá thaobh ann: is é ceann de na laigíochtaí céanna é sa mhéid is gur steiréaphlátaí iad múinteoirí an scannáin ar a samhlófaí le múinteoirí Gaeilge.

Scannán seoighe é seo a sheoltar isteach le ceol iontach trance a chuirfeadh scannán Éireannach eile, Intermission, i gcuimhne duit. Ach, an turas seo, múinteoirí agus príomhoidí na scoile atá i gceist agus iad ar fad ar thóir an gharsúin fhánaigh.“We’ve got a problem”, a dhearbhaíonn an príomhoide leis an múinteoir Gaeilge, nuair is léir nach bhfuil an garsún i láthair don scrúdú cainte. Rinneadh an scannán seo i bPobalscoil Greendale i gCill Bharróg i mBaile Átha Cliath i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus is iad daoine óga na cathrach ar fad pearsain an scannáin. Ní mhaireann aon cheann de na radharcanna níos faide ná nóiméad amháin, rud a chuireann go mór le toise briste an scannáin.

last updated: Tuesday January 31 2006
table base
   
  Error processing SSI file
   
  Error processing SSI file