Foilseachán nua le Máirin Nic Eoin
An tOllamh Máirín Nic Eoin (ROINN NA GAEILGE)
Foilsíodh Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2010) le Máirín Nic Eoin (eag.). Saol an pháiste is ábhar don díolaim filíochta seo, agus a gcaidreamh leis na daoine fásta is tábhachtaí ina saol. Eagrán nua méadaithe é seo den díolaim théamach ardráchairte a foilsíodh ar dtús in 2001. Cnuasach dánta é le filí Gaeilge a bhaineann leis an óige, leis an gcaidreamh idir daoine óga agus daoine lánfhásta agus le gaolta gairide teaghlaigh i gcoitinne. Tá dánta breise leis na filí céanna agus dánta le filí nach raibh i gceist sa chéad eagrán á gcur ar fáil anseo agus réimse níos leithne ábhair – ó thaobh réigiúin agus téama de – á léiriú dá bharr sin.

Dearcadh na léirmheastóirí faoin gcéad eagrán de Gaolta Gairide:
‘Is bailiúchán álainn é an leabhar seo de dhánta a bhaineann ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le saol an teaghlaigh. Cur síos atá ann ar chaidreamh clainne, bíodh sé taitneamhach nó teannasach, ag formhór na bhfilí comhaimseartha Gaeilge atá ag treabhadh leo um an dtaca seo.’ Aingeal Seoighe Feasta (Samhain 2001)
‘Máirín Nic Eoin’s introduction would be the best possible review of this book. It is, in itself, a substantial essay on childhood and parenting in the Irish literary tradition….Her choice of poems is a perfect realisation of her essay, showing, as it does, a tradition renewing and rewriting itself.’ Alan Titley The Irish Times (2 March 2002).
Last Updated: Wednesday July 14 2010
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

