St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Comóradh Mháirtín Uí Chadhain 1906-2006

 

 

Bhí oíche mhór sa Choláiste aréir, 12 Deireadh Fómhair, le beatha agus saothar an scríbhneora Gaeilge Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) a chomóradh. Chuir Máirín Nic Eoin, a d’eagraigh an comóradh, tús leis an oíche nuair a chuir sí an tOllamh Bob Welch ó Ollscoil Nua Uladh i láthair leis an léacht 'Ó Cadhain and Beckett: The Vehemence of the Dead' a thabhairt. Dúirt an tOllamh Welch gur phléigh an bheirt údar Éireannacha seo le ‘extremity’, duine acu ag díriú ar an saol in iarthar na hEorpa agus an duine eile ag díriú ar theanga, chultúr agus saol mhuintir iarthar na hÉireann. Ar leibhéil áirithe, ar seisean, labhraíonn siad le chéile: ‘they speak to each other across a chasm of language’. Tharraing sé aird ar chosúlachtaí áirithe idir an bheirt, i dtaca le cúrsaí oibre, mar shampla, agus an fhulaingt a bhaineann leis an obair agus an saol laethúil. Léigh sé sleachta as saothar na beirte, mar shampla as ‘Taoille Tuile’, Molloy, Watt, Malone Dies, Cré na Cille, The Unnameable, agus ‘Rinne’.

Labhair Alan Titley ina dhiaidh sin, nuair a nochtadh portráid nua den Chadhnach a choimisiúnaigh an Coláiste go speisialta do chomóradh céad bliain an údair. Bhí Caoimhghin Ó Croidheáin, a rinne an phortráid, i láthair chomh maith.

Labhair Máirtín Ó Cadhain, nia an scríbhneora, thar cheann mhuintir Uí Chadhain. Ghlac sé buíochas le Coláiste Phádraig, alma mater an Chadhnaigh, as ucht ócáid chomh breá sin a eagrú.

Bhí bia, deochanna agus comhrá ann ansin, sular bhailigh gach duine in Amharclann an Choláiste le haghaidh dráma le hAisteoirí Bulfin. Fidelma Ní Ghallchobhair ó Aisteoirí Bulfin a chóirigh agus a léirigh ‘An Eochair’, leagan stáitse de ghearrscéal cailiúil den teideal céanna leis an gCadhnach. Bhí páirt J, an páipéar-choinneálaí sóisir, ag Seán Ó Cadhain, nia eile leis an scríbhneoir.

Bhain gach duine sult as an oíche spreagúil seo. Léiríodh go bhfuil sprid an Chadhnaigh láidir sa Choláiste.

 

 

 

 

 

 

Last Updated: Friday October 13 2006

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright