Máirtín Ó Cadhain á cheiliúradh
Mar chuid de chomóradh céad bliain Choláiste Phádraig ar an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain (1906-1970), a bhí ina mhac léinn anseo sa choláiste sna 1920 idí, beidh ócáid speisialta cheiliúrtha ar siúlsa Choláiste oíche Dhéardaoin 12 Deireadh Fómhair.
Tosófar ag 7.00pm le léacht leis an Ollamh Bob Welch (comheagraithe ag Roinn na Gaeilge agus Féile IMRAM) dar teideal 'Ó Cadhain and Beckett: The Vehemence of the Dead'.
Ag 8.00pm nochtfar portráid de Mháirtín Ó Cadhain le Caoimhghin Ó Croidheáin, coimisiúnaithe go speisialta agColáiste Phádraig mar chuid den chomóradh céad bliain.
Ina dhiaidh sin, léireoidhAisteoirí Bulfin an dráma 'An Eochair', bunaithe ar cheann de na scéalta is cáiliúla de chuid Uí Chadhain, in Amharclann an Choláiste.
Tá fáilte agus fiche roimh chách.
Last Updated: Thursday October 05 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

