St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

TheA Camogie match at St. Pat's

News & Events

Multimedia Digital Publication: New Irish language syllabus for third level students / Foilseachán Ilmheáin Digiteach: Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile

Ag ócáid i gColáiste Phádraig Droim Conrach ar an 9 Meán Fómhair, sheol Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, an Siollabas Nua Gaeilge don Chéad Bhliain Ollscoile.  Ba thoradh é an Siollabas seo ar Thionscadal de chuid na Meithle um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, Meitheal idir-institiúideach a d’eascair as an gcomhdháil  ‘Teagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal’ a eagraíodh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mí Feabhra 2008.

Chuir an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal roimpi siollabas teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaeilge ar an tríú leibhéal, siollabas a bheadh bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.  Le cabhair cómhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus le tacaíocht ó ocht gcinn déag d’institiúidí tríú leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge á teagasc, tá Céim 1 den Tionscadal – siollabas agus áiseanna teagaisc agus foghlama don Chéad Bhliain Ollscoile – ar fáil anois. 

Is go leictreonach atá an Siollabas foilsithe, agus tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh.  Tá teacht ar an suíomh ar an Siollabas féin; ar ábhar samplach a léiríonn prionsabail an tSiollabais agus conas na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa seomra ranga; ar an bhfillteán foghlama do mhic léinn atá mar chuid lárnach den Siollabas; ar liosta acmhainní tacaíochta don mhac léinn; ar chuntas ar chúlra agus ar stair an Tionscadail a bhfuil an Siollabas mar thoradh air.

Máirín Nic Eoin, Ceann Roinn na Gaeilge agus Comhstiúrthóir na Meithle um Theagasc na Gaeilge ar an Triú Leighéal, Tomás Ó Ruairc, Leasphríomhfheidmeannach Fhoras na Gaeilge, Ailín Ní Chonchúir, Bainisteoir Tionscadail, agus Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, a sheol an Siollabas nua.

Ba iad Coláiste Phádraig Droim Conrach agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bhí i mbun ceannródaíochta sa Tionscadal agus ba iad an Dr Máirín Nic Eoin agus an Dr John Walsh a d’fheidhmigh mar chomhstiúrthóirí ar an Tionscadal.  Fostaíodh Ailín Ní Chonchúir mar Bhainisteoir Tionscadail agus is í a rinne an Siollabas agus an t-ábhar teagaisc a dhearadh i gcomhar le baill na Meithle, mar aon le táirgeadh an tSiollabais a chomhordú.

Ag seoladh an tSiollabais di, thagair Anna Ní Ghallachair do ról criticiúil na gColáistí Tríú Leibhéal in oiliúint teanga múinteoirí.  Mhol an Dr Máirín Nic Eoin baill na Meithle Siollabais as a gcuid oibre ar an Tionscadal agus ag trácht ar an gcomhoibriú idir-institiúideach di, dúirt sí go rabhthas ag súil le tógáil ar an gcomhoibriú sin nuair a bheidh an Siollabas á chur i bhfeidhm agus go raibh dóchas aici go leanfadh an comhoibriú dá mbeadh ar chumas na Meithle tabhairt faoi Chéim 2 den Tionscdal.

‘Tá an Siollabas nua bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha.  Tá sé dírithe ar fhorbairt scileanna an fhoghlaimeora, idir scileanna ginearálta foghlama agus scileanna cumarsáideacha a bhaineann go dílis le foghlaim teangacha’ dar le hAilín Ní Chonchúir, an bainisteoir tionscadail.  Tá ábhar an tSiollabais leagtha amach i bhfoirm topaicí a spreagfaidh féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha.  Cur chuige tascbhunaithe atá i gceist agus déantar scileanna foghlama agus scileanna teanga na mac léinn a fhorbairt trí thascanna a bhunú ar théacsanna dílse Gaeilge.

Tuilleadh eolais ar fáil:

An Dr Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig        (01) 884-2205

                                                mairin.niceoin@spd.dcu.ie

Ailín Ní Chonchúir                           (086) 401-5318

                                                ailin.nichonchuir@spd.dcu.ie

                                                ailinnichonchuir@gmail.com

Feach ar an Irish Times 10th September 2009.

Last Updated: Friday September 11 2009

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright