St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Máirín Nic Eoin-Léacht Tionscnaimh mar Ollamh Uí Chriagáin

An Ollaimh Máirín Nic Eoin

TAn Ollamh Brian MacCraith agus An Ollaimh Máirín Nic Eoinhug an tOllamh Máirín Nic Eoin a léacht tionscnaimh mar Ollamh Uí Chriagáin le Gaeilge trathnóna Dé Máirt 23 Samhain san Amharclann i gColáiste Phádraig: ‘Páipéir Bhreaca agus Fearainn Bhreaca: engagement and objectivity in Modern Irish language studies’ ba theideal don chaint. I léacht uair an chloig a chuimsigh raon leathan réimsí a bhaineann le stair agus staid reatha dhisciplín Léann na Gaeilge ag an tríú leibhéal, phléigh an tOllamh Nic Eoin an caidreamh idir an chritic liteartha agus litríocht na hIar-Athbeochana. Rinneadh scrúdú ar fhorbairt scolárthacht na litríochta Gaeilge ón ré sin i leith, mar aon le hiniúchadh ar threochtaí liteartha, fás na scríbhneoireachta comhaimseartha agus na teorice liteartha, ceisteanna féiniúlachta agus domhandú na litríochta, go háirithe i bhfianaise bheocht na litríochta cruthaithí ó na 1960í i leith.

Pléadh ceist an chaidrimh idir an saothrú scolártha agus an oibiachtúlacht scolártha i gcomhthéacs na teanga féin agus í ag gluaiseacht ó ionad laistigh de dhioscúrsa náisiúnach, frithchoilíneach ar aghaidh chuig díospóireacht ina bhfuil sí á meas mar ghné lárnach den streachailt le fórsaí homaiginithe an domhandaithe chultúrtha agus eacnamaíochta. Rinneadh plé ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann san am i láthair do thodhchaí Léann na Gaeilge mar ábhar acadúil ag an tríú leibhéal, go háirithe sna Coláistí Oideachais in Éirinn, rud a chuir clabhsúr cuí le léacht inar pléadh fairsinge agus doimhne na gceisteanna seo go léir ar bhealach thar a bheith spéisiúil.

Professor Máirín Nic Eoin delivered her inaugural lecture as Cregan Professor of Irish in the Auditorium of St Patrick’s College on Tuesday 23 November. The lecture was entitled ‘Páipéir Bhreaca agus Fearainn Bhreaca: engagement and objectivity in Modern Irish language studies’. During the lecture Professor Nic Eoin reviewed recent developments in Modern Irish-language studies, focussing mainly on literary criticism and literary history and how these areas of study relate to broader cultural and sociolinguistic issues. In response to the vitality of creative literature in Irish since the 1960s, Irish-language literary studies have developed and diversified, influenced by international trends in literary and sociolinguistic theory and energised by the commitment of a growing body of academic scholars to Irish as a living language with a future as well as a rich and fruitful past.

The question of the relationship between scholarly engagement and scholarly objectivity, as the Irish language moves from its position within a nationalist and anti-colonial discourse of restoration and revival to becoming a case study of survival, struggle and adaptation in the face of the homogenising forces of cultural and economic globalisation was a key theme addressed during the course of the lecture. Professor Nic Eoin brought her reflections to a close with a very timely consideration of the challenges and opportunities currently facing Irish-language studies as a third level academic specialisation, not least in the Colleges of Education.

 

Last Updated: Friday November 26 2010

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright