St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Nuala Ní Dhomhnaill ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe

Nuala Ní Dhomhnaill ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, 2008-2009

comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach

Nuala Ni DhomhnaillFearann pobal Choláiste Phádraig fíorchaoin fáilte roimh an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill a bheidh ina Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge sa Choláiste i gcaitheamh na bliana acadúla 2008-2009, faoi scéim atá comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Tá cáil idirnáisiúnta ar Nuala Ní Dhomhnaill mar fhile Gaeilge. Tá deich gcnuasach foilsithe aici go dtí seo, idir bhunsaothair Ghaeilge agus chnuasaigh dhátheangacha: An Dealg Droighin (1981), Féar Suaithinseach (1984), Rogha Dánta/ Selected Poems (1986, 1988, 1990, 1999), Pharaoh’s Daughter (1990), Feis (1990), Spíonáin agus Róiseanna (1994), Cead Aighnis (1998), The Waterhorse (2000) agus The Fifty Minute Mermaid (2007). Tá a cuid filíochta fréamhaithe go domhain i dtraidisiún liteartha agus i dtraidisiún béil na Gaeilge, ach tá toise uilíoch ilnáisiúnta ag roinnt lena cuid téamaí, agus go háirithe le mórthéama lárnach an díláithrithe a ritheann trína saothar filíochta ón tús. Tá iliomad duaiseanna agus gradam gnóthaithe ag Nuala Ní Dhomhnaill thar na blianta, ina measc D Phil (honoris causa) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (1998) agus D Lit (honoris causa) ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (2007). Tá tréimhsí caite aici ina hOllamh cuarta in ollscoileanna éagsúla in Éirinn agus i Meiriceá, agus tá sí ina ball d’Aosdána ó 1984 i leith. Bhí sí ina heagarthóir ar rannóg na filíochta comhaimseartha den Field Day Anthology of Irish Writing Vol 5 (2002); tá scripteanna drámaíochta do leanaí scríofa aici; agus tá taithí chuimsitheach aici ar cheardlanna litríochta a stiúradh agus ar léachtaí agus léamha poiblí a thabhairt in ionaid éagsúla ar fud an domhain. Táimid ag súil go gcuirfidh an tréimhse a chaithfidh sí mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig deis luachmhar ar fáil di a saothar cruthaitheach féin a fhorbairt agus a chur chun cinn i suíomh tacúil oideachais.

Chun tús foirmiúil a chur lena tréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe i gColáiste Phádraig, cuirfidh Ceann Roinn na Gaeilge, an Dr Máirín Nic Eoin, i láthair an phobail í ag Léamh Poiblí Dátheangach a bheidh ar siúl sa Choláiste Dé Luain 3 Samhain ag 6.00pm i Seomra D115.

Ansin, Dé Ceadaoin 5 Samhain, léireoidh Púca Puppets an dráma puipéad do pháistí le Nuala Ní Dhomhnaill, ‘Róisín agus an Rón’, ag 6.00pm in Amharclann an Choláiste. Beidh Nuala í féin agus léiritheoir agus láithreoir an dráma, Niamh Lawlor, i láthair le labhairt leis an lucht féachana tar éis an léirithe. Beidh fíorchaoin fáilte roimh phobal an Choláiste agus roimh an bpobal i gcoitinne chuig an dá imeacht seo.

 

Nuala Ní Dhomhnaill appointed as SPCD Arts Council of Ireland Writer in Residence (Irish Language) in Department of Irish, St Patrick’s College 2008-2009

The St Patrick’s College community warmly welcomes Irish-language poet Nuala Ní Dhomhnaill who has been appointed Writer-in-Residence for the academic year 2008-2009. The residency is co-sponsored by the Arts Council and St Patrick’s College, Drumcondra. Nuala Ní Dhomhnaill is an internationally renowned poet, who has published ten collections to date, including original works in Irish, and various dual-language collections: An Dealg Droighin (1981), Féar Suaithinseach (1984), Rogha Dánta/ Selected Poems (1986, 1988, 1990, 1999), Pharaoh’s Daughter (1990), Feis (1990), Spíonáin agus Róiseanna (1994), Cead Aighnis (1998), The Waterhorse (2000) and The Fifty Minute Mermaid (2007). Her poetry is deeply rooted in the Irish literary and oral tradition, but her subject matter – especially when dealing with themes of cultural loss and displacement – appeals to contemporary audiences world wide. She has held visiting Professorships in universities in Ireland and in North America, and has been awarded numerous prizes and distinctions over the years, including a D Phil (honoris causa) from Dublin City University (1998) and a D Lit (honoris causa) from Trinity College Dublin (2007). She has been a member of Aosdána since 1984. She has edited several poetry collections, including the contemporary poetry section of the Field Day Anthology of Irish Writing Vol 5 (2002); she has written drama scripts for children and has extensive experience of directing creative writing workshops, lecturing and reading in national and international venues. It is anticipated that her residency in St Patrick’s College will provide her with opportunities to develop her own creative projects in a supportive interdisciplinary educational environment.

To formally commence Nuala Ní Dhomhnaill’s period as Writer-in-Residence in St Patrick’s College, the Head of the Irish Department, Dr Máirín Nic Eoin, will introduce her at a Bilingual Public Reading to be held in the College on Monday 3 November at 6.00pm in Room D115.

Then, on Wednesday 5 November Púca Puppets will stage the puppet play ‘Róisín agus an Rón’ in the College Auditorium at 6.00pm. The play is based on a traditional tale adapted for children by Nuala Ní Dhomhnaill, and the production will be followed by a question and answer session with Nuala and Púca Puppets director Niamh Lawlor. Both the College community and the general public are most welcome to attend both of these events.

 

 

 

 

 

Last Updated: Wednesday October 29 2008

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright