Seoladh Leabhair Nua Le Pádraig de Paor
Bhí slua breá i láthair i gceannáras Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath oíche Dé Céadaoin 10 Bealtaine nuair a seoladh an leabhar is déanaí leis an Dr Pádraig de Paor, atá ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig. Na Buachaillí Dána is teideal don saothar nua agus is staidéar é ar fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh, Gabriel Rosenstock agus ról comhaimseartha an fhile sa Ghaeilge. Is é an Dr Alan Titley a sheol an leabhair go hoifigiúil. Léigh an bheirt fhilí cuid dá saothar le linn na hócáide agus chuir buíon bheag ceoltóirí go mór leis an atmaisféar spraoi agus suilt a bhain leis an oíche. Tá staidéar foilsithe cheana ag Pádraig ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus tá pobal léite na Gaeilge agus lucht critice na nualitríochta ag dréim go mór leis an leabhar nua seo ar bheirt de mhórfhilí Gaeilge na linne. Is é An Clóchomhar a d’fhoilsigh an leabhar agus tá sé ar fáil ar €12.
Last Updated: Thursday September 21 2006
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

