St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9

Coláiste Phádraig. Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9. Colaiste Phadraig. Droim Conrach, Baile Atha Cliath 9

Phone: 353-1-8842000 | Fax: 353-1-8376197

A Camogie match at St. Pat's

News & Events

Ag Gabháil Fhionn: Cuairt Róisín Elsafty ar Choláiste

 

Bhí ceol binn suaimhneach na suantraí Gaeilge a bhí á gabháil ag mic léinn agus baill foirne le clos am loin le deireanaí nuair a thug an t-amhránaí clúiteach, Róisín Elsafty, cuairt ar Choláiste Phádraig le ceardlann amhránaíochta a thabhairt. Tháinig an lucht éisteachta le chéile i Seomra Caidrimh an Choláiste, agus ba ansin a thug Róisín faoi leithéidí Seoithín Seothó – is ionann an focal seoithín agus lullaby an Bhéarla - a mhúineadh don slua, mar aon le cúpla amhrán eile nach iad a rá í féin. De bhunadh Chonamara í Róisín agus tá traidisiún an cheoil agus na hamhránaíochta ag baint go láidir lena muintir. Ba óna máthair Treasa Ní Cheannabháin a thug sí bua na hamhránaíochta, a deir sí, agus is amhránaí mór le rá í Treasa ina cáilíocht féin. Is as an Éigipt d’athair Róisín, agus tá lorg ceol na hÉigipte le brath go láidir ar ábhar chuid de na hamhráin atá cumtha ag a máthair (An Phalaitín, mar shampla), agus is minic Róisín á thabhairt stíl an dá traidisiúin le chéile ina  chuid amhránaíochta. Tá an-taithí go deo ag Róisín ar mhúineadh na hamhránaíochta, agus d’éirigh lei na hamhráin go léir a mhúineadh don lucht éisteachta, agus ornáidí na n-amhrán a thabhairt chun solais go paiteanta. Mar a thug sí féin le fios, tá fuílleach comórtas buaite aici, idir chomórtais Oireachtas na Gaeilge agus chomórtais eile nach iad; agus is mó ceoltóir aitheanta a mbíonn sí ag ceol ina theannta, idir Donal Lunny agus Mary Black, gan trácht ar na tíortha allúracha a mbíonn sí ag taisteal iontu. Má bhíonn tú liom, bí liom is teideal d’albam nua Róisín. Chuaigh Róisín i bhfeidhm ar an lucht éisteachta mar amhránaí agus mar mhúinteoir: tá súil againn go mbeidh sí linn arís chomh maith.

 

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

Last Updated: Wednesday January 10 2007

St. Patrick's College, Drumcondra, Dublin 9 Phone: 353-1-8842000 Fax: 353-1-8376197
© 2006 St. Patrick's College, Drumcondra
Legal Disclaimer and Copyright