Scáthán 09
Sheol Breandán Ó Conaire, Scáthán 09, iris Ghaeilge na mac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Dé Céadaoin seo caite. Tá an iris bhliantúil seo ar an bhfód le tríocha bliain anuas agus rinne Breandán cur síos ar na hathruithe a tháinig ar shaol na mac léinn sa choláiste agus sa tír le tríocha bliain anuas.
Bronnadh duaiseanna scríbhneoireachta ar Michelle Ní Bhraonáin agus ar Sheán Ó Dubhchon i rith na hócáide agus moladh saothar na mac léinn go hard. Sheol file cónaitheach an Choláiste, Nuala Ní Dhomhnaill, Zein na Gaeilge bailiúchán filíochta le Ciarán Ó Coigligh mar chuid den ócáid sin freisin.
Last Updated: Friday May 15 2009
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

