Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge
Cuirfear tús an fómhar seo le Scéim Cónaitheachta do Scríbhneoir Gaeilge i gColáiste Phádraig; scéim atá comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig.
Tabharfaidh an Scríbhneoir Cónaithe léachtái, ranganna agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Tabharfaidh an scríbhneoir tacaíocht do scríbhneoirí cruthaitheacha phobal an Choláiste agus déanfar teagmháil leis an bpobal áitiúil agus le pobal na tíre trí léamha poiblí agus rannpháirtiocht in imeachtaí litríochta eile a eagrófar.
Further details available on www.spd.dcu.ie/vacancies
Last Updated: Tuesday July 29 2008
![St. Patrick's College Drumcondra [logo]](/main/includes/global_graphics/logo.gif)

